clúdach

clúdach
Íomhá: Siubhán Leannán Nic Fhionnlaoich

Wednesday, 30 June 2010

Limféidéime 2

An rud is tabhachtaí nuair a bhuaileann limféidéime an ball ná fisiteiripeoir maithi. Na cinn ar bhauil me leo san Ionad Ailse i mBéal Feirste, bhí siad uilig breá cleachtaithe bheith ag teagmhail lena cheile agus seiftiuil ag reiteach fadhbanna a d'éirigh trí bheith ag plé lena cheile. An fisiteiripeoir atá agam faoi láthair i mBác, tá sé ag obair leis fein agus níl móran airgid curtha ar fáil dó. Tá trua agam dá chás ach tá trua níos doimhne agam do mo chás fein, agus cás na mban eile a dhéanann freastail air.

Comhairle:
Déan bindealú tú féin go rialta leis an at a choinneáil faoi smacht.
Úsáid uachtar craicinn atá gan chumhra, agus atá fíorthiubh gach lá agus oíche. Úsáidim uachtar uiscí mar nach bhfuil aon cheann eile sách tiubh, nó elave.
Má tá teacht agat ar fhisitreipeoir a úsaideann kinesiotape, gabh chuig an fhisiteiripeoir sin. Liosta de na daoine in Éirinn ar fáil ón nasc.
Abair amach le daoine conas a chuireann sé isteach ort.
Ná lig do dhuine ar bith a rá: 'Ah, sure, beidh sé ina cheart arís i gcionn tamaill'.
Má bhuaileann dúlagar thú, mar a bhuail sé mé fein agus mar a bhuaileann sé go leor daoine leis seo, gabh chuig an dochtúir agus faigh na piollaí athais.
Coinnigh Flucoxacillin sa teach. Má ghearrann tú an craiceann beidh tú i mbaol ionfhabhtaithe. Má ghearrann tú do chraiceann, tosaigh ar chúrsa flucoxacillin díreach.


Sunday, 20 June 2010

Limféidéime

Réidh le scian, réidh le chaemo, beagnach réidh le radaiteiripe. Agus ansin thosaigh an lámh gan faireoga limfe a dh’at. D’éirigh na méara ramhar, ina n-ispíní beaga. Agus ní raibh mé in inmhe forc ná scian ná spúnóg a thógáil, ná mála a iompar, ná dorn a dhéanamh.

Limféidéime a bhí orm, bail a thagann ar go leor ban – agus fear a mbaintear na nódanna limfe amach ar chúis ailse. Níl aon bhealach amach ag an sreabhán limfeach a chothaíonn an corp sa lámh áirithe sin, agus cruinníonn sé ann. Is gá é a dhíbirt le fisiteiripe, le fisiteiripeoir ar dtús, agus ansin le cleachtadh féinréimis sa bhaile agat féin.

Tuigeann na fisiteiripeoirí a bhaineann le limfeidéime an bhail atá orainn. Fuair mé bindealú ar leith ar feadh sé seachtainí leis an at a laghdú. B’ionann le mumaí mé gach lá ar feadh na seachtainí sin. D’oibir stuif darb ainm ‘kinesiotape’ liom go mór – téip speisialta a bhogann an sreabhán níos tapúla ná na bindealáin leo féin.

Á scríobh an t-alt thuas, cuireann sé cuma shimplí ar an bhail seo. Ní hamhlaidh atá. I ndiaidh dul faoi lámh dhochtúirí ar feadh tamaill fhada, bhí mé traochta idir chorp agus intinn. Bhí mé ag súil le deireadh leighis agus sos beag ó lucht leighis. Ach síníodh an tréimhse , agus ní amháin go raibh cíoch in easnamh agam don chuid eile de mo shaol, ach bheadh gá le freastal ar fhisiteiripe go rialta don chuid eile de mo shaol. Bheadh réimeas leasa i bhfeidhm don chuid eile de mo shaol.

Bheadh deacrachtaí agus teorann agam leis an raon ruda a bhféadfainn a dhéanamh leis an lámh chlé don chuid eile de mo shaol.

Agus bheadh muinchille agus lámhainn mháinliach speisialta le caitheamh agam gach lá don chuid eile de mo shaol, maraon le bindealán gach oíche.

Bheadh comhartha feiceálach orm le cur i gcuimhne domh go raibh ailse orm don chuid eile de mo shaol, agus meabhrúchán soiléir do gach duine eile go raibh mé faoi mhíchumas, don chuid eile de mo shaol.

Tá dochtúirí fíoraineolach don chuid is mó ar limféidéime go fóill. Chuaigh mé chuig G.P. ag cuartú go gcuirfí chuig seirbhís fisiteiripe mé nuair a thosaigh an limféidéime ar dtús, ag míniú dó: 1. Bhí nódanna ar iarraidh. 2. Bhí na méara ag at. 3. Seans gur limféidéime a bhí ann. Chroith sé a cheann, ag rá go raibh mé meallta. Agus níor thagair sé aon chomhairle eile domh.

Ach go raibh na banaltraí cích ann ag an taobh eile den ghuthán bheinn san fhaopach ar fad ar fad, mar níor éist na dochtúirí liom.

Dar le G.P. eile, ní mhairfeadh an míchumas ach roinnt blianta mar go bhfeidhmeodh na nódanna eile ar dhóigh níos éifeachtaí taobh istigh de thréimhse, agus bheadh deireadh le mo chuid bindealán. Dar le dochtúir eile, d’imeodh an t-at i ndiaidh tamaill (…cá háit?). Agus mé ag trácht ar na comhairlí seo leis na fisiteirpeoirí san ionad ailse, bhí siad idir gol agus gáire. Ag déileáil leis an fhadhb gach lá, bhí a fhios acu nach bhfásfadh aon nódanna ar ais, nach ndéanfadh an corp athriocht ar shú an tsreabháin i bhfeidhm, ach go raibh réimeas bunúsach agus feiceálach romham gach lá agus oíche amach anseo don chuid eile de mo shaol.

Lymphoedema: Advice on Self-management and Treatment , Peter Mortimer, Jacquelyne Todd, agus Jenny Valentine. An leabhar is fearr agus is soiléire ar an toipic seo a fuair mé go dtí seo.

Agus focal buíochais do www.focal.ie don suíomh tearmaíochta atá acu. Bheinn caillte gan é.

Friday, 11 June 2010

An ceathrú hurlár


Bhí mé ar an urlár in uachtar ar fad san fhoirgneamh i mBéal Feirste. Amach an fhuinneog tosaigh, bhí coláiste mhór Methody le feiceáil, nuaGhotach le páirceanna imeartha thart timpeall ar an teach. Amach an fhuinneog cúil, bhí gáirdíní cúil na sráide buailte linn, agus díonta Bhéal Feirste, agus gáirdín leanna phub na ndaoine óga, agus oifigí.

Agus faoileáin. Tá Béal Feirste lán faoileán. Agus anseo, imo nead beag ar bharr an tí, chuala mé agus chonaic mé iad uilig. Bhí deireadh seachtaine ann a chaith mé i mBaile Átha Cliath, agus nuair a phill mé ar mo nead beag, bhí cuach ann. Bhuel, ní cuach, ach faoileán a thit anuos an simléar agus nach raibh ábálta fáil amach arís. D’fhág sí bronntanais dúinn ar an tolg, agus ar an chairpéad, agus ar an chathaoir, agus sa seomra folctha, agus imo sheomra leapa…

Bhí sé breá suaimhneach ar bharr an tí, bunús an ama. Ach de réir mar a chuaigh na laethe thart, agus na seachtainí, agus na míonna, b’uaigneach an nead céanna in áit bheith ciúin. D’imigh daltaí Methody agus tháinig siad ar ais ag tús an fhómhair. D’imigh mic léinn na hollscoile agus tháinig siad ar ais go gleomhar ag tús an téarma. Agus mé in airde an tí i dtólamh, ag éisteacht leis an líon agus an trá i ngach lá agus i ngach séasúr.

Agus in amanna, i rith na dtréimhsí ciúnais, ba chosúla le cónair ná nead é an ait a raibh mé imo chónaí ann.