clúdach

clúdach
Íomhá: Siubhán Leannán Nic Fhionnlaoich

Monday, 13 December 2010

meafar agus miotas ag cuidiú linn


Tráchtann Ananda Shakar Jayant ar a taithí féin le haisle brollaigh, agus mar a chuidigh meafar agus miotas óna cúlra féin fáil tríd an phróiseas. Ta an t-agallamh seo ar shuíomh TED - fóram do smaointe agus do dhul chun cinn atá spreagúil go maith.

Sunday, 5 December 2010

sneachta agus siorradh gaoithe agus cóisir ar ceal




Bhuel, bíodh is gur tháinig na bindealáin, chuir an sneachta deireadh le fisiteiripe an tseachtain seo . Cén mhaith gabháil isteach chuig James's agus cos leonta a fháil taobh leis an láimh ataithe? D'fhan mé sa teach i rith an ama, ag beathú na n-éan agus ag déanamh réidh sú (anraith). Chomh luath is a leag mé amach bia do na héin, áfach, thit an sneachta anuas go trom agus chlúdaigh sé an bia go gasta. Tá moll mór grabhróga aráin le teacht chun solais imo gháirdín cúil lá ar bith feasta.

I ndiaidh cúpla lá den oighear, ghlanamar an casán taobh leis an teach, ach ba bheag an mhaise é agus formhór na dteach thart orainn gan a dhéanamh. Tá an sneachta ann go fóill, crua agus siocaithe faoi seo, agus réidh don té atá dána go leor le siúl uirthi. Chuir sé i gcuimhne domh na laethe sneachta a bhíodh ann agus mé óg. Bhí seisear againn ann, agus léar mór buataisí rubair nár caitheadh amach riamh sa shed, mar bhíodh paiste i gcónaí ag fas aníos a d'fhoireadh don chosbheart. Chuireadh m'athair leathanaigh ón nuachtán isteach sna buataisí. Choinnigh an nuachtán na cosa te, agus líon an nuachtán na bearnaí i mbuataisí a bhí ró-mhór don leanbh a chaith iad. Anois, tchím páistí agus runners agus buataisí faiseanta orthu, ach ní choinníonn siad an fhliche amach ar nós na wellies.

Beidh mé caoga bliain d'aois an tseachtain seo, agus bhí cóisir deas le bheith againn i dteach an ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Shíl mé gurbh fhiú a mhór a dhéanamh de, ós rud é nach raibh mé in inmhe fleadh ná cóisir bheith agam le cúpla bliain anuas. Agus bhí an císte ar ordú, agus an bia agus an deoch. Agus d'fhan an fhuacht agus an sneachta. Scáirt cúpla duine a fhiafraí an raibh an ócáid ar siúl go fóill, agus ghéill mé don Nádúr. Ó bhuel..... an bhliain seo chugainn! É sin nó bogfaidh mé dáta mo lá bhreithe go dtí an samhradh.