clúdach

clúdach
Íomhá: Siubhán Leannán Nic Fhionnlaoich

Wednesday, 20 July 2011

an twalfth



Ní raibh móran rian ar an 'twalfth' i mBaile Loch Cuan an tseachtain seo caite. Cúpla tine os cionn Port an Phéire chun cur isteach orainn, ach taobh amuigh de sin bhí seó curtha ar fáil ag lucht an rachmais lena gcuid bádaí. Barraíocht airgid acu le bheith buartha fán anam págánach i gcorp na 'wee frees'.



Ach tháinig na glúnta s'agamsa le chéile. Agus bhí Granny agus Granda an-mhúinte ar fad. Níor chuir siad ceist ar an mhac cad chuige a raibh cuma scriosta air...

Agus ansin...tháinig an drochaimsir.

Thursday, 7 July 2011

Réalteolaíocht


ó bhlag a bhí ag Rámhaille, agus mar go bhfuil an  iníon ag smaoineamh ar dhul go dtí an Choiré,  tháinig mé ar an phíosa anseo. Ag trácht ar réaltaí.

Ach ní bhfuair mé m'ainm mar gheall ar réalteolaíocht nó mar gheall ar ardnósachas aisteach de chuid na seascaidí. Fuair mé an t-ainm mar gur rugadh ar lá pátrúnachta de chuid Mhuire mé, agus bhí mo mháthair an-deabhóideach.
 Muire...réalt na mara...Réaltán. Agus nach orm an t-ádh nach Immaculata ná Concepta a fuair mé an lá céanna.

Monday, 4 July 2011

Íomhá an leabhair

Bhí mé istigh in Ospidéal na Cathrach ar maidin - mamagram eile - agus chuir sé me ag smaoineamh ar cheist a chuir cara orm. Cén fáth ar roghnaigh tú an íomhá áirithe atá agat don leabhar? Mhínigh mé di ag an am gur grianghraf a bhí ann a tógadh nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Rinne an iníon (Siubhán, ealaíontóir...), rinne sí íomhá de le peann luaidhe ar dtús agus ansin le péint.

Ach istigh sa seomra feithimh san ospidéal ar maidin dom, thuig mé cén fáth ar roghnaigh mé pictiúr díom féin, chomh hóg sin. Bhí mé soineanta. Agus sa seomra feithimh ar maidin bhí cailín - agus cailín a bhí inti - ag fanacht ar a mamagram féin. Ag féachaint uirthi chonaic mé na comharthaí ar fad a d'inis dom go raibh an bhean óg seo (22, 23?) i ndiaidh dul tríd an chóras agus an leigheas. Bhi gruaig ghearr uirthi gan chaoi, agus caipín baseball. Agus bhí rud éigin ina dreach - easpa eagla, nó suaimhneas éigin inti - a d'inis dom go raibh sí ar an taobh eile den chomhrac ag an phointe seo.

Agus d'fhéach mé uirthi arís. Bean óg, an soineantacht a bhain lena haois féin, an dóchas agus an pléisiúr sa saol - loite.

Agus smaoinigh mé ar m'íomha féin. B'shin an fáth ar roghnaigh mé é. Nuair a bhuaileann ailse thú, imíonn an soineantacht. Bíonn tú ar nós páiste, ar ndóigh, aineolach faoin chóras agus fulangach faoi na daoine éagsúla a thagann isteach i do shaol tamall, gan cumhacht, gan neamhspleáchas. Fanann tú ar threoir ó na saineolaithe, agus leanann tú a gcomhairle, mar is páiste thú i ndomhain seo an leighis.

Agus bristear do shoineantacht agus ní thagann sí ar ais. Choíche.

Friday, 1 July 2011

leath-orlach eile!

Ag na meáchain aréir le Marie Murphy arís, i gCumann ailse na hÉireann. Leath-orlach eile caillte ón sciathan le limféidéime! Tá sin dochreidte i dtéarmaí gnáththeiripe na staide seo. Agus tá mé fíorbhuíoch di féin, mar Marie Murphy, agus don Chumann. Beidh sos ann don samhradh ach go leanfaimid féin leis an aclaíocht ar ár gconlán féin, agus tiocfaimid le chéile arís i mí Lúnasa.

Bhí troid agam le Marie Murphy an t-am deireanach gur úsáid me an ghraific thuas. Dar léi, ise atá ann. Dar liom, mise atá ann. Ní ceachtar againn í - tá mise ró-mhór agus ise ró-bheag!

Beidh an Cumann ag leathnú an chláir ar fud an oileáin, mar dhea-nuacht. Beidh siad ag tosú ar dhaoine fóirsteanacha a aimsiú leis an traenáil a stiúradh amach anseo. Dar liom, ba cheart go mbeadh an clár ceangailte le gach clinic nó fisiteiripeoir limféidéime sa tír. Ach ina dhiaidh sin, tá mise claonta. Chaill mé orlach go dtí seo gan feidhm orm bheith i mo 'othar'!

Beirigí bua, a Mharie, agus Anne a chuidíonn léi, agus Eimear Cotter ón chumann Ailse!

Tá an