Saturday 22 April 2017

Lá eile, mná eile

Ruth Coppinger T.D.
David John
'Cé chomh fada is atá tú ag troid ar son cearta agus comhionannas?' a dúirt bean óg liom inniu, taobh amuigh de Pháirc Chearnóg Mhuirfean, áit a raibh mná agus fir agus páistí tagtha le chéile le hagóid a dhéanamh in éadan ord eaglasta ag glacadh seilbhe ar Ospidéal Náisiúnta Mháithreachais an stáit seo. 
Mheabhraigh mé. Tá mé caoga a sé anois féin. Bhí mé sna déaga nuair a cheannaínn 'Spare Rib' sa siopa leabhar i margadh Pháirc an Ghabha sna seachtóidí.
'Níos mó ná daichead bliain...'


Bríd Smith, T.D.
Chuaigh mé a dh'obair i mBurgos na Spáinne 1980-1981. Ceann de na fíricí suimiúla ar tháinig mé trasna air ná grádú na mbastard sa tír sin. Bhí bean eile ag obair sa scoil Bhéarla chéanna liom agus mhínigh sí go raibh beirt bhastard aici, den chéad ghrád. Ag an am sin bhí trí ghrád bastard ann.
Grád 1: Bastard nach bhfuil ceachtar den bheirt thuismitheoir pósta.
Grád 2: Bastard a bhfuil tuismitheoir amháin nó an bheirt thuismitheoir pósta, ach ní ar a chéile.
Grád 3: Bastard ar bean rialta í máthair an pháiste agus/nó sagart/manach/brathair é an t-athair.
Na hochtóidí. Bhí mé sna fichidí agus ag foghlaim.

Ar mo bhealach abhaile thrasnaigh mé an bóthar ag Sweney's,  Siopa poitigéara a luaítear in 'Ulysses' a bhí ann lá den tsaol, atá anois ina ionad turasóireachta.  Shiúil mé isteach ann i 1994, mar shiopa poitigéara. Bhí oideas i mo ghlac agam don phiolla frithghiniúna. An gnáthcheann, oideas míosúil. Bhí mé sa cheantar agus d'oir sé domh é a fháil agus mé fán bhaile mhór. 1994.
Thóg an freastalaí an t-oideas agus d'imigh sí taobh thiar de chúirtín ar chúl an tsiopa. Tháinig sí amach arís cúpla soicind ina dhiaidh sin, áfach, agus pus uirthi, amhail is gur phíosa caca ar a sál a bhí ionam.
'Ní choinnímid an saghas sin,' ar sí, ag síneadh m'oidis ionsorm.
1994. Bhí mé sna tríochaidí agus feargach.



Sa lá atá inniu ann tá srian ar chúrsaí atáirgthe ina gcnámh spairne go fóill. Coinníonn mná rialta agus sagairt smacht daingean ar bhoird eitice go fóill. Tá oidhreacht againn mar gheall ar an smacht seo - bás, imirce, éadóchas, damáiste - agus tá sé in am againn an oidhreacht sin a fhágáil inár ndiaidh. Sula n-imíonn ar mná óga ar fad.

D'inis m'iníon scéal an oíche faoi dheireadh. Tá sí 29. Tá na cairde thart fán aois chéanna. Tá cara amháin i ndiaidh bogadh abhaile, áit éigin 'faoin tír'. Dochtúir teaghlaigh nua. Dochtúir teaghlaigh nua a dhiúltaíonn an piolla frithghiniúna a eisiúint - an gnáthphiolla nach raibh Sweny's sásta a eisiúint sna nóchaidí. 2017.







No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.