Showing posts with label GMIT. Show all posts
Showing posts with label GMIT. Show all posts

Wednesday, 29 June 2011

tríocha bliain ar aghaidh...


Bhí mé ar ais ag m'alma mater ag an deireadh seachtaine, an áit ar bhain mé amach an bhunchéim. Fadó, in aimsir na bhFiann, de réir m'iníne. Bhí an bheirt againn ag triail ionsar an áit mar gheall ar go raibh agallamh aici ansin le haghaidh cúrsa bliana. Thiomáin muid suas an mótarbhealach thar bhailte an deiscirt - Droichead Átha, Dún Dealgan. Chas muid siar ó thuaidh agus trí bhailte an tuaiscirt -Ard Mhacha, Dún Geanainn, Dún Geimhin, An Chorr Chríochach, agus ceann scríbe. Chuir sé cumha orm ag smaoineamh ar dhaoine a chuaigh tríd an chúrsa liom arbh as na bailte sin iad.... Muiris na mbróg, Gearóid an Coinín, Fearmór na gCeirníní... An potaire a stad den ól agus a thosaigh ar an chreideamh. Is sagart anois é... An dornán beag Protastúnach a d'fhoghlaim Geilge agus a d'fhoghlaim go maith í, atá ag saothrú inniu san earnáil Ghaelach ó shin... Na hoícheanta ceoil go dtí a ceathair ar maidin. An fear a scríobh a chéad úrscéal taobh istigh de sé seachtainí agus é ar an dól (bhí muid uilig ar an dól, ar ndóigh, sna hochtóidí).

Chuir muid fúinne i bPort na Binne Uaine an oíche sin. Oíche mheirbh a bhí ann, agus na sluaite amuigh ar an 'Prom' i bPort na Binne Uaine don chéad lá samhraidh a chonacthas le mí anuas! Morelli's le haghaidh uachtar reoite, spaisteoireacht ar an trá ag amharc siar ar Inis Eoghain Dhún na nGall,  agus trasna go dtí an 'Anchor Bar', áit a raibh muid ag stopadh na hoíche, agus oíche luath.

Isteach linn go moch an mhaidin dar gcionn. Ní raibh duine ná deoraí ann le muid a threorú chuig an seomra ceart - ba léir gur thosaigh an samhradh go luath ann! Ach ag smaoineamh siar tríocha bliain, d'éirigh liom an seomra a aimsiú sa deireadh. Bhí seomra feithimh taobh leis, a raibh iarrthóir eile ag fanacht ann, agus a Deaid siúd. D'fhéach mé ar mo chailínse - nah, ní chuirfeadh sí aon fháilte romham fanacht léi.

 D'imigh mé liom, ag spaisteoireacht tríd an áit. Bhí gach rud iompaithe bunoscionn, ar ndóigh. Bhí na hoifigí foirne aistrithe go háit éigin eile, is coúil, agus d'fhill mé ar an seomra feithimh nuair a mheas mé go mbeadh an t-agallamh beagnach thart.

Bhí m'iníne ag scríobh sa seomra feithimh - tasc scríofa le déanamh aici. An bhean eile chomh maith. a Deaid siúd ag léamh taobh léi. D'fhan mé sa phasáiste. Agus ansin...

Chuala mé guthanna ag plé na beirte. Tá na doirse tanaí san áit. Bhí cur agus cúiteamh den ghnáthshórt ann, agus ansin,
'Cén saghas áite, í seo, an áit seo i nGaillimh?'
Bhioraigh mé na cluasa, i m'aineoinn féin. M'iníon a bhí i gceist acu.
Chuala mé dhá ghuth, guth mná ag cur ceisteanna go cantalach, fear séimh ag freagairt. Guth fir ag míniú gur Institiúid Teicneolaíochta a bhí ann, cén saghas ainmhí é Institiúid Teicneolaíochta. gurbh iad na hInstitúidí Teicneolaíchta a thóg cúram na healaíne orthu féin sa deisceart, go raibh sé de cheart acu céimeanna a bhronnadh, go raibh na céimeanna ina gcéimeanna cearta, nach raibh an cailín seo ag cur dallamullóg orthu le cáilíocht amhrasach.

Shiúil mé síos an pasáiste. Tríocha bliain ar aghaidh, ba léir go raibh Bath agus Bristol ní ba ghaire ná Gaillimh don institúid seo ar an chósta Atlantach go fóill. Ag an bhomaite sin, chuimhnigh mé cén fáth gur bhog mé ó dheas ar an oileáinín seo againne.

Agus tá a fhios agam go bhfuil fiúntas agus cáilíocht inti, mar m'iníon  Agus chan amháin go n-abórann GMIT go bhfuil. Caithfidh mé fráma a fháil go fóill don alt sin san Irish Times... a deir go bhfuil sí 'promising' agus 'to look out for'.

Friday, 24 June 2011

Mamaí bhródúil

Chomh bródúil is atá mé inniu! Tá an iníon i ndiaidh cúig bliana crua a chur isteach idir Baile Formaid agus Institiúid Teicneolaíochta Muigh Eo agua Gaillimh. Tomhais cé hí san alt seo . Agus is í a dhear an íomhá don leabhar filíochta dom. Ta sí ar fáil anois d'obair ar rátaí an-réasúnta, sula n-éiríonn sí clúiteach!