Showing posts with label Teach an ArdMhéara. Show all posts
Showing posts with label Teach an ArdMhéara. Show all posts

Friday, 23 March 2018

Na mná, 2018


Bliain eile, mná eile. 

Caitríona Ní Chléirchín (pic via Aifric Mac Aodha)
Ní gá mórán a rá faoi Chaitríona, bean Mhuineacháin atá ag léachtóireacht le hOllscoil Chathair Átha Cliath. Cnuasach agus duais go leor faoina hascaill aici!

Lara Sunday (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá Lara ag scríobh i mBéarla leis na blianta. Anois go bhfuil sí ag foghlaim Gaeilge le Turas Eile agus ag scríobh tráchtas máistreachta faoina turas pearsanta féin sa teanga, tá sí ag scríobh i nGaeilge chomh maith.

Milène Fegan (pic via Caoimhe Ní Chathail)
D'ardaigh Milène Fegan an fuinneamh sa seomra lena slamdán, 'Obair'. Glún nua, stíl nua ach stíl a leanann oidhreacht an fhile - filíocht labhartha, amuigh i lár an urláir, muiníneach, glórach. Bhí líne amháin sa dán a raibh Milène neirbhíseach faoi, 'cunt-as-óir'... ach tháinig an slua léi.

Agnes Ní Cholla (pic via Aifric Nic Aodha)
Ní raibh Máire Dinny Wren in ann bheith linn ar an oíche. Tá cúraimí uirthi agus in ainneoin a míle dícheall chun socruithe a ullmhú don ócáid, tháinig cúpla rud aniar aduaidh ar chúrsaí agus bhí uirthi na pleananna taistil a chur ar ceal. Cúram - ceann de na cúig c-anna a mbíonn mna ag dul i ngleic leo i rith a saoil. Ach sheas a col ceathrar ar an ardán ina háit, Agnes Ní Cholla, agus líon sí an bhearna. Léigh sí scéal Mháire, 'Scáile Dheirdre', go cumasach, paiseanta. 

Edel Ní Bhraonáin (pic via Áine Durkin)
Bean óg eile a sheas an fód an oíche sin ná Edel Ní Bhraonáin. Tá súil againn go bhfeicfidh muid tuilleadh ábhair uaithi amach anseo. 

Anna Heussaff agus Mícheál Mac Donncha (pic via Aifric Mac Aodha)
Leath ama. Speech ó Mhícheál Mac Donncha, an tArdMhéara i mbliana, fear a bhronn beár saor in aisce orainn, maraon le bia i rith na hoíche. Mar a tharla, ba é breithlá an ArdMhéara é ar an lá céanna. Bhí Bean a' Tí Anna Heussaff in ann bronntanas a bhronnadh air siúd. Ár mbuíochas leis. 

Cvetka Bevc & Áine Ní Ghlinn (pic via ... cé a chuir an pic seo chugam?)
Tháinig Cvetka Bevc anall ón Slóvéin don lá. Is lá an-speisialta é sa Slóvéin, níos tábhachtaí ná Lá na Máthar a tháinig cúpla lá ina dhiaidh. Léigh sí cúpla véarsa as cúpla dán, léigh Áine Ní Ghlinn leagan Gaeilge de na véarsaí céanna. Mar a deir siad thall sa Slóvéin, Solidarnost!

Dáire Ní Chanáin (pic (via Áine Durkin)
Las Dáire Ní Chanáin an seomra lena haoibh, agus lena dán, 'Thug tú cead dó'. Is féidir an dán a léamh ANSEO ach is í Dáire lena hoscailteacht is a hionraiceas a chuir an seomra ina thost leis. 

Áine Durkin (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá an focal adultery agus an scéal thart air i mo chloigeann fós, a Áine ...

Aifric Mac Aodha (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá teacht ar shaothar Aifric ar fáil go forleathan.  Chuir sí críoch leis na léamha, agus ansin chuir Anna Heussaff clabhsúr oifiigiúl leis an chuid oifigiúil den oíche. 


Fionn Ó hAlmhain agus Tara Viscardi (pic via Aifric Mac Aodha)
Bhí tuilleadh bi is dí againn, maraon le ceol ó Tara agus Fionn, go dtí gur caitheadh amach muid. 






Míle buíochas leis an ArdMhéara, Mícheál Mac Donncha as a bheith fial flaithiúil in óstáil na hoíche. Fosta, buíochas le hAnna Davitt i bhForas na Gaeilge, le Ciste Sheachtain na Gaeilge agus le hOireachtas na Gaeilge as an tacaíocht airgid a chuir siad ar fáil







Monday, 22 January 2018

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2018

Dáta don Dialann

8ú Márta 2018
Lá Idirnáisiúnta na mBan
Léamha, ceol is craic @ 7.00i.n.
Teach an Ardmhéara, Sráid Dásain, BÁC 2

N.B. Saorchead isteach ach trí chuireadh.
Tá spásanna an tí líonta anois.


Bean a'Tí
Anna Heussaff

Is úrscéalaí í Anna Heussaff. Scáil an Phríosúin (CIC 2015) an teideal ar an tríú húrscéal bleachtaireachta léi do léitheoirí fásta, líofa. Sárú an teideal ar an tríú húrscéal don aos óg, agus é á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht le linn Sheachtain na Gaeilge 2018. 


Aifric Mac Aodha
Sa bhliain 1979 a rugadh Aifric Mac Aodha. Tá sí ag obair ina heagarthóir cúnta leis an nGúm. Is é Foreign News (Gallery Press, 2017) an cnuasach is déanaí léi.


Áine Durkin
Duaiseanna bainte ag Áine Durkin don bhlag ‘Mise Áine’, don chnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (Cló IarChonnacht, 2017), agus dá hamhráin, ‘Le Do Thaobh’ agus ‘Féile Na Nollag’.

Máire Dinny Wren
As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Mháire. Tá filíocht agus scéalta léi foilsithe in irisí ar nós An tUltach, Comhar, Feasta, An Gael, Irish Pages, Focail Aniar Aduaidh/North West Words, Poblachd nam Bàrd agus Iris Imram.
D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta, Ó Bhile go Bile, in 2011. D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasacht gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor in 2016.

Lara Sunday

File aitheanta as oirthear Bhéal Feirste. scrúdaíonn sí féiniúlacht trí lionsa na coimhlinte ina cuid dánta. Is iarchéimí í Lara in Ollscoil na Banríona atá ag déanamh staidéir ar an dóigh a dtéann an teanga i bhfeidhm ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ón traidisiún Protastúnach ó thuaidh.

Caitríona Ní Chléirchín
Is file agus criticeoir í Caitríona Ní Chléirchín agus léachtóir le Teanga agus le Litríocht na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhuaigh a cuid cnuasach Crithloinnir (2010) agus An Bhrídeach Sí (2014) duaiseanna.




Edel Ní Bhraonáin

As an nGleann i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh d'Edel, agus Gaeilge ón gcliabhán aici. Lean sí a spéis sa Ghaeilge go Teach na Gaeilge UCD i 2009, ‘s í ag maireachtaint san Ardchathair ó shin. Is Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachais í le Conradh na Gaeilge. Spreagadh í le dul i mbun pinn agus í ar an ollscoil agus tá sí ag leanstan don scríobh ó shin. 

Cvetka Bevc
File, drámadóir agus úrscéalaí Slóivéanach í Cvetka Bevc. Bhain a cnuasach Zgodbe iz somraka gradam Ghréasáin na gCathracha Pazin (2008). Tháinig sí  ar cuairt go hÉirinn mar chuid de scéim cónaitheachta Focal Eile. A cuid saothair ón tréimhse sin le haistriú go Gaeilge agus le foilsiú ar an suíomh idirlín http://focaileile.ie/gae/about/

Áine Ní Ghlinn
Leáchtóir, file agus scríbhneoir is ea í. Tá naoi leabhar is fiche scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus beidh leabhar nua á eisiúint ag LeabharComhar i mbliana. Dánta de chuid Cvetka Bevc aistrithe aici go Gaeilge. 


Milène Fegan

Chuir Milène lúcháir agus iontas ar dhaoine ag an chomórtas SlamFilíochta ag Féile Liú Lúnasa i 2017 nuair a bhain sí an chéad duais ann. Is léiritheoir & stiúrthóir teilifíse í. Is as an Fhrainc dá máthair agus tógadh Milène le Fraincis sa bhaile i mBéal Feirste


Dáire Ni Chanáin
Is mac léinn de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Dáire Ní Chanáin. Tá sí anois ag cur fuithi i mBéal Feirste ar bhliain socrúcháin oibre ag obair le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Conradh na Gaeilge agus Raidió Fáilte. Ghlac sí páirt sa chomórtas SlamFilíochta ag Liú Lúnasa i 2017 agus bhain sí an tríú duais lena dán, 'Litir do mo Ghrá'.



Ceol le Fionn Ó hAlmhain as Cill Mhantáin. . . .



. . . agus Tara Viscardi


Píobaire, feadógaí agus amhránaí é Fionn Ó hAlmhain as Co. Chill Mhantáin. 

Tá sé i mbun staidéir ar Bmus ag Ardscoil cheoil agus drámaíochta DIT i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Is as Béara i gContae Chiarraí  í Tara Viscardi agus tá sí ag staidéar don BMus le DIT  i mBaile Átha Cliath. 

Urraithe ag





Image result for oireachtas na gaeilge 2018


Sunday, 12 March 2017

Lá mór ceiliúrtha

Biddy Jenkinson, Janneke Spoelstra, Pauline Nic Chonaonaigh, Áine Durkin, Ciara Ní Éanachain, Lisa Nic an Bhreithimh, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, Idoia Noble, Katie McGreal

Nach iad na mná a bhí idirnáisiúnta i mbliana.

Ach nach iad na mná a bhí gnoitheach ar an lá! Is beag nár tharla oíche mhór ar chor ar bith, mar gheall ar an mhórshiúl ar son rogha i lár na cathrach ar an oíche chéanna. Mar ba agamsa a bhí an fíon, agus bhí an fíon i mbúit an chairr, agus bhí an carr i bhfostú sa trácht a bhí stopaithe mar gheall ar an mhórshiúl ag éileamh rogha. Ach b'fhearr liom an oíche bheith in áimhréidh mar gheall ar shiúladóirí an rogha ná gach rud bheith in ord is in eagra gan aon mhórshiúl bheith ann!

Ach fuair muid an fíon chomh fada leis an Teach, agus tháinig na mná, agus tháinig trí scór go leith duine chuig an ócáid lena chois sin. Agus muna raibh craic is ceol go maidin ann - druideann an áit ar a deich - bhí craic is ceol is ól go dtí leath i ndiaidh a naoi...

Stiúraigh Áine Ní Ghlinn tríd an oíche muid, ó scríbhneoir go scríbhneoir...

Áine Ní Ghlinn
Bhí Biddy Jenkinson ann, lán paisin is grinn, na briathra ag titim óna beola mar a bheadh seoda iontu. Thrácht sí ar Éabha agus Adhamh, agus an t-úll - agus an scian...
Biddy Jenkinson
Léigh Áine Durkin agus Pauline Nic Chonaonaigh, ag cur lúcháir agus brón an tsaoil inár láthair le liricí iartharacha.
Pauline Nic Chonaonaigh
Áine Durkin
Léigh Janneke Spoelstra ón Fhreaslainn dán i bhFreaslainnis a bhí múnlaithe thar na séasúir, agus léigh mé fein leagan Gaeilge de,  'Sceallán'.
Réaltán Ní Leannáin agus Janneke Spoelstra (pic: Áine Durkin)
Tháinig Idoia Noble ó Donostia (Euskadí) agus léigh sí féin agus Áine Durkin a leaganacha féin den dan céanna,  le Karmele Jaio, i mBascais agus i nGaeilge. Focail agus foclaíocht, máithreachas agus cruthaíocht, agus pelota agus  pilotak!
Áine Durkin agus Idoia Noble i mbun oibre (pic: Áine Durkin)
Agus ansin tháinig an glún nua chun tosaigh. Lisa Nic an Bhreithimh lena píosaí machnamhacha ar mhná óga ag gabháil go Londain, agus ní ar saoire. Katie McGreal agus an tiománaí óg ag glacadh le comhairle ó thuismitheoir... Agus Ciara Nic É, ag caint ar rogha agus... fearmhíniú?
Ciara Ní Éanachain, Lisa Nic an Bhreithimh - thuas -  agus thíos, Katie McGreal


Bhí oíche mhór ann, i ndáiríre. Mo bhuíochas le foireann Theach an ArdMhéara, mo bhuíocha sleis na ceoltóirí, Fionn Ó hAlmhain agus Hajime Takahashi, agus mo bhuíochas le Foras na Gaeilge a chuir ar mo chumas costaisí a íoc leis na léitheoirí ar fad. Agus fíon a chur ar fáil!




Tuesday, 24 January 2017

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2017

Teach an ArdMhéara
8ú Márta 2017
Lá Idirnáisiúnta na mBan
Léamha is craic is ceol i dTeach an ArdMhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2
Gach eolas: realtan (ag) hotmail (ponc) com

Bean a' Tí

Scríbhneoir agus léachtóir í Áine Ní Ghlinn. 28 leabhar scríofa aici. Bronnadh Gradam Reics Carló, Leabhar na Bliana ar Hata Zú Mhamó (Cois Life) 2016 agus ar Daideo (Cois Life) 2014. Leabhar nua ar an mbealach ó An Gúm.

Na Scríbhneoirí

Biddy Jenkinson
Biddy Jenkinson, pic le Máire Uí Mhaicín
 Sláinte na bhfear is go maire na mná go deo! 

Ciara Ní É

Scríbhneoir í an Bleáchliathach seo  (ar Twitter ag @miseciara), a chumann filíocht, ailt, agus scéalta i mBéarla agus i nGaeilge. Ise a bhunaigh an oíche filíochta REIC. Tá blag aici, le nuacht, filíocht agus eile.

Lisa Nic an Bhreithimh

Oibríonn Lisa (ar Twitter ag @LisaNicanB) ar chúrsaí cumarsáide agus scoláireachta in Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí clár seachtainiúil i láthair ar Raidió na Life agus tugann sí faoin scríbhneoireacht fosta. Is ball í den ghrúpa 'Scríbhneoirí na Gaeilge' atá lonnaithe in Ionad Scríbhneoirí na hÉireann.


Katie McGreal 

(ar Twitter ag @KatieMcGreal) Iriseoir le Seachtain agus RaidióFáilte, múinteoir machnaimh/rinnfheithimh do dhaoine fásta agus daoine óga, agus scríbhneoir. Lonnaithe i mBéal Feirste. Suim aici i gcúrsaí feimineachais agus i mbun cainteanna ar chúrsaí feimineachais i mBéal Feirste. Stiúrthóir, grúpa scríbhneoireachta trasteorainn, lonnaithe i mBéal Feirste.


Áine Durkin

File,blagadóir,cumadóir amhrán. Bhain a blag duais Oireachtais in 2010. Gradaim bainte amach aici as a cuid amhrán nua-scríofa leis an Fhéile Pan Cheilteach agus le Raidió na Gaeltachta. Cnuasach filíochta, Mise Áine, le theacht amach i mbliana, 2017, le Cló Iar-Chonnacht.

Pauline Nic Chonaonaigh

File agus gearrscéalaí a bhfuil cónaí uirthi i gConamara. Bhain sí duais Oireachtais i 2016 i gComórtas na Scríbhneoirí Úra. Ag obair ar dhráma do dhaoine óga, An Bob nár Buaileadh.


Janneke Spoelstra
File Freaslannach a shaidhmeann an dúlra agus castacht an tsaoil le chéile. Chuaigh sí go Málta mar bhall de mheitheal filíochta mionteangacha. Oibríonn sí chomh maith mar aistritheoir agus taighdeoir  cúnta ag an Fryske Akademy.


Réaltán Ní Leannáin

Gearrscéalaí, file, blagadóir (ar Twitter ag @RealtanNiL). D'aistrigh sí dánta Janneke Spoelstra go Gaeilge. Chuir sí aithne ar Janneke le linn tréimhse cónaitheachta sa Fhreaslainn sa bhliain 2016, an chéad scríbhneoir Gaeilge le gabháil thar lear le tógra Focail Eile


Críona Ní Dhálaigh (@CllrNiDhalaigh) a chuir tús leis an fhéile seo anuraidh (2016). Bhí sí fial, flaithiúil mar ArdMhéara agus is mór an éacht atá déanta aici an féile seo a thosú. 
An tArdMhéara, Críona Ní Dhálaigh, thíos agus ar dheis, leis na scríbhneoirí anuraidh

San íomhá sin thuas chomh maith, tá Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O'Driscoll (chun tosaigh, an dara bean ar chlé), nach maireann. Scaoilimis amach é ar an oíche, mar sin, ná cá bhfios cé mhéad againn a bhéarfar beo ar an chéad Lá Idirnáisiúnta na mBan eile i 2018?
Míle buíochas leis na scríbhneoirí eile a tháinig agus a léigh i 2016: Anna Heussaff, Éilís Ní Anluain, Éilís Ní Dhuibhne, Siún Ní Dhuinn, Celia de Fréine, Áine Ní Ghlinn, agus Bean a' Tí 2016, Áine Durkin.

Táimid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge as urraíocht a chur ar fáil dúinn. Bhí gach bean ar an chlár sásta a cuid ama a thabhairt saor in aisce, mar a bhí gach bean anuraidh. Bhí an file Freaslannach sásta theacht trasna ar eitleán ar a conlán féin, fiú! Ach is ceart go mbeadh aitheantas agus maoiniú ar fáil do na healaíona. Is mór linn go raibh an Foras in ann cuidiú linn i mbliana. 

Fionn Ó hAlmhain agus Hajime Takahashi a bheas ag gabhail ceoil ar an oíche (thíos)