Showing posts with label an tSlóvéin. Show all posts
Showing posts with label an tSlóvéin. Show all posts

Friday, 11 May 2018

Pivo, piva, pivi

Tábhairne an Rozingarten, séipéal sa chúlra
Tá Ljubljana lán dúlra. Tá crainn agus páirceanna agus goirt bheaga in achan choirnéal den chathair. Tá cúpla áit mhór siúil ann chomh maith a chuirfeadh náire orainn agus muid ag déanamh mórtais de Pháirc na Fionnuisce. Ceann acu is ea an Tivoli. Tá an Tivoli an-mhór ar fad. Tosaíonn sé amach le gáirdíní béasacha smachtaithe, ach de réir mar a shiúlann tú ó thaobh amhain den chrios glas seo ar imeall na cathrach go dtí an taobh eile críochnaíonn sé le dúlra fiáin agus coillte beaga agus cnoic.
Cvetka Bevc, an scríbhneoir a thug léi mé chuig an ócáid
Chuaigh mé chuig léamh inné ag barr an Tivoli, léamh  a rinne ceiliúradh ar chéad bliain ó bhásaigh fear darbh ainm Ivan Cantar. Tráchtaire polaitiúil agus scríbhneoir cruthaitheach a bhí ann. Dé réir mar a thuigim, bhí sé ag tabhairt amach faoin iliomad páirtí polaitiúil a bhí thart sna blianta iarChéad Chogadh Domhanda. Ní athraíonn móran...

Bhí an léamh ag barr mullaigh an Tivoli, áit a bhfuil séipéal, tábhairne agus ionad oidhreachta. Bhí muid amuigh faoin aer ag éisteacht leis na léamha, lucht siúil/reatha/spaisteoireahta ag imeacht soir siar tríd an scaifte. An-neamhfhoirmeálta, an-taitneamach, bíodh is nár thuig mé focal. Bhal, focal amháin. D'fhoghlaim mé focal nua - 'estranka' (páirtí polaitiúil). Taithí nua cultúrtha!

Ag siúl síos an mhala ag deireadh, phioc cara le Cvetka Bevc, Igor, phioc sé cúpla bláth acáise le cur ina omelette sa bhaile. Agus phléigh muid 'pivo' (beoir amháin, 'piva' (beoranna) agus iolra speisialta -i le haghaidh dhá rud, 'pivi' (dhá bheoir).


Monday, 7 May 2018

Cónaitheacht Dane Zajc

Tá mé díreach i ndiaidh tosú ar mhí cónaitheachta sa Slóvéin, cónaitheacht Dane Zajc (Dá-né Z-áidh-ts). Tá árasán curtha ar fáil ag Aontas na Scríbhneoirí Slóvéinise go cionn míosa, díreach taobh le lár chathair Ljubljana, ag bun an chnoic faoin chaisleán. Bhí mé sa tír anuraidh i dteannta Áine Ní Ghlinn, ag léamh ar fud fad na tíre, agus is amhlaidh go bhfuil mé thar a bheith sásta bheith ar ais sa tír fháiltiúil seo.
Tá seansráideanna agus sráideanna nua ann. Tá ailtireacht a théann siar go laethe impireachta agus foirgnimh ón ré sóisialach faoi Tito.
doras thar a bheith sóisialach

agus .... Amabasáid na Stáit Aontaithe
laethe impireachta faoi scáil an chaisleáin
Rud atá an-phléisiúrtha faoi Ljubljana ná na páirceannna beaga atá achan áit. Bíonn áit ann i gcónaí le suí agus do mhachnamh a dheanamh - nó léamh, nó comhrá bheith agat.
an pháirc taobh leis an árasán.
An t-aon mhíbhuntáiste leis an áit ná go bhfuil an chathair ró-ghar agus ró-tharrantach. Caithfidh mé cromadh chun oibre anois.