Showing posts with label leabhar láinseáil filíocht. Show all posts
Showing posts with label leabhar láinseáil filíocht. Show all posts
Saturday, 10 December 2011
Bhuaigh sé é
Rinne sé é. Bhuaigh sé é! Rachtlann na hÉireann. Filí ag ligean a rachta i mBéarla agus - i gcás Shéamuis - i nGaeilge. Nach iontach dó féin agus dá mhuintir!
Agus chuala sibh anseo é.
Thursday, 19 May 2011
láinseáil i mBéal Feirste

Tá rent-a-crowd de dhíth orm. Láinseáil ar an leabhar Dé Sathairn seo chugainn sa Cheathrú Póilí, sa Chultúrlann i mBéal Feirste. An greann agus an ghruaim atá baistithe ar an oíche - mise an ghruaim, Risteárd MacGabhann an greann. Fíon agus nibblies agus Kultur. Cad eile a bheadh uait? Fáilte roimh chách!
Labels:
an Ceathrú Póilí,
Cultúrlann,
fíon,
leabhar láinseáil filíocht
Friday, 4 February 2011
leabhar le láinseáil

Bhí an geimhreadh lán ulpóg, idir ulpóg na muc, gnáthulpóg agus ulpóg-gan-ainm. Ach anois teacht an earraigh agus táimid ag druidim le solas agus fás agus sláinte. Agus mar sháinchomhartha air seo, tá Coiscéim le mo leabhar a láinseáil! Tá an fhilíocht réidh agus in ord agus i gcló.
Buíochas ag dul do m'iníon, Siubhán Leannán Nic Fhionnlaoich, a dhear an clúdach. Tagann an íomhá ó sheanphictiúr foirmeálta a ghlac grianghrafadóir sna seascaidí díom. Is cuimhin liom go fóill an rí-rá agus an ruaille buaile an lá a tháinig sé lena threalamh ar fad (1964 - bhí scáth solais agus cúlra agus gach rud leis). Thóg sé grianghraf den chlann ar fad (Bríd i mbolg Mhaim go fóill!) agus grianghraif aonair de gach duine. Tagann an íomhá ón ghrianghraf aonair a ghlac sé díom nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Leanbh óg soineanta folláin. Agus ar dhóigh, ba leanbh me i rith an turais, gan cumhacht gan údarás.
Cuirfidh mé sonraí láinseála in airde anseo chomh luath is a shocraíonn muintir Coiscéim (Fearghus agus Pádraig Ó Snodaigh) na dátaí. Fáilte romhaibh!
Subscribe to:
Posts (Atom)