Bliain chun tosaigh ó bhí deireadh leis an chaemo. Tá an ghruaig ag teacht ar ais ach gann go fóill i dtaca leis an ‘seanghruaig’. Ach tá sí ann agus clúdaíonn sí an blaosc! Tá na hingne bog sobhriste go fóill. Tá limféidéime ar mo láimh an taobh gur bhain siad amach na nóid limfe, agus beidh mé ag caitheamh muinchille agus lámhainne speisialta an chuid eile de mo shaol. Bhí an limféidéime níos doilighe déileáil leis ná an ailse, ar a dhóigh féin. Bíonn deireadh le leigheas ailse, níl aon leigheas don limféidéime. Agus beidh sé ort i gcónaí. Cuimhne síoraí ar an ailse, ar an eagla, ar chorp imithe amú go mór, ar an easpa smaichte ar do shaol féin.
Bliain ar aghaidh, tá daoine nár tháinig ar ais imo shaol ar chor ar bith. Tá daoine a
d’imigh agus nár fhill teann eagla roimh an fhocal ‘ailse’. Tá daoine ann, tá me cinnte,
a chreid go raibh mé ag gabháil a fháil bháis agus ní raibh siad chun fanacht air sin.
Agus táthar ann a d’imigh faoin radair ar feadh an ama agus atá anois ag iarrraidh theacht ar ais gan focal a scaoileadh mar gheall ar an ailse. Anois agus m’fholtsa ar ais agus an chosúlacht go bhfuil mé chun mairstin tamall maith eile, tá siad ag iarraidh labhairt fá pháistí, fán aimsir, fá pholaitíocht. Ach ná luaimis an eilifint sa choirnéal (Yeah, tá meáchan curtha suas agam).
Táimid tagtha ag an Nollaig ag an am go bhfuil mé ag scríobh seo. Bhí Nollaig bhán agam go dtí seo. Agus anois tá me chun tosú ar an dearg…
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.