Tháinig an comhrá thart go Lá 'le Pádraig. Bíodh is gur beagán Béarla a bhí acu, thuig siad ar an toirt cad a bhí idir lámha againn. Rinne siad mím ar ól pionta agus titim thart ólta. Agus sin an clú atá orainn i mbaile beag bídeach iargúlta i ndeisceart na Spáinne. Thaispeáin mé an píosa sin thuas don rang ar an chlár bhán idirghníomhach agus níor chuir sé iontas orthu, ach chuir sé scanradh.
Ar an taobh eile den scéal, áfach, chuir duine acu ceist orm ar thaitin flamenco liom. Mar a tharla, bhí mé istigh ag cultúrlann flamenco i Sevilla an deireadh seachtaine sin a bhí thart. Eispéireas as an ghnáth a bhí ann. Patio (gáirdín oscailte don spéir) i lár tí mhóir i gcroílár na cathrach, líonta le Spáinnigh agus neamhSpáinnigh araon. Spáinnigh ag olé-áil leo ag damhsóir a bhí tíriúil, pearsanta ar dhóigh nach bhfaca mé ar aon scannán, léirithe sa Spáinn nó eile. Agus ceol - canto - a chuaigh go croí.
Bhí mé in ann a rá leis an rang go raibh mé ann, agus las a n-aghaidheanna le bród. Agus ansin bhí mé in ann físeán eile a chur in airde ar an chlár bhán, agus chuir sé iontas orthu na cosúlachtaí idir an dá stíl.
Agus rinne siad dearmad ar na tíortha beannaithe i mBéal Feirste Lá 'le Pádraig.