Showing posts with label rith. Show all posts
Showing posts with label rith. Show all posts

Friday, 24 November 2023

Taibhsí agus ingearáin

 

An Leabharlann, https://rsai.ie/ 

Bhí mé in Nordie Mode aréir. Tháinig sé ar ais chugam scioptha go leor.

Rith. Rith, a bhean, rith.

Ní mar sin a thosaigh an tráthnóna.

Fuair mé an bus ar a cúig le bheith ag Leabharlann Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, le bheith ansin ar a sé. Bhí mé le píosa cainte a dhéanamh mar gheall ar thaibhsí agus tithe móra do shraith cainteanna na Samhna.

Bhí mo Phowerpoint réidh, bhí mo phictiúirí réidh, bhí mo scéalta fíora agus scéalta bréagacha réidh. 

Chaith mé dhá uair a’ chloig ar an bhus sin. Chuartaigh mé Twitter (X) ach ag an phointe sin ní raibh ann ach tuairisc mar gheall ar an eachtra thragóideach a tharla ar Chearnóg Pharnell ní ba luaithe an tráthnóna sin, nuair a ionsaíodh páistí agus a lucht cúraime ag teacht abhaile ó bhunscoil, gan trácht ar na círéibeanna náireacha a thit amach ina dhiaidh sin. Bhí Sráid Uí Chonaill druidte ag carranna póilíní ach ghlac mé leis nach raibh ann ach gnáthoibríochtaí de chuid na nGardaí i ndiaidh na n-ionsaithe.

Ní hamhlaidh a bhí. Níor luaithe mé tosaithe ar mo speech ná tháinig an lucht leabharlainne isteach lenár ndíbirt amach as an áit, bhí siad le druidim go luath.

Amuigh ar an tsráid, ba léir go raibh an pobal suaite go mór, fiú i rith na tréimhse gairide a bhí caite agam istigh san foirgneamh. Bhí duine amháin go háirithe ag stad an bus a mheas mé a bheith ... achrannach. Bhog mé síos chuig stad bus síos an bóthar. I ndiaidh tamaill ag fanacht gan aon bhus ag teacht inár dtreo, léigh bean eile ag an stad óna fón go raibh na busanna stopaithe, ceal ionsaithe orthu. Ní bheadh aon bhus le fáil an oíche sin.

Chonaic mé Gardaí ag rith an bealach eile, i dtreo Shráid Uí Chonaill, in éide iomlán círéibe. Agus carranna Garda ag gabháil an treo céanna. Bhí boladh rubair dhóite san aer. Bhí daoine ag brostú anonn is anall i ngach treo. Bhí na hingearáin amuigh ag na Gardaí os ár gcionn. 

Rith, a bhean. Fuair tú traenáil mhaith i d'óige i mBéal Feirste agus na Trioblóidí ar siúl. Úsáid í. 

Stop tacsaí agus lig sé bean óg amach ar an tsráid. Chuir mé forrán ar an tiománaí agus ar shiúl linn. D’íoc mé fortún ar an turas tacsaí sin, tríd an Tollán go Seantrabh agus amach i dtreo an aerfoirt, ansin síos an M50 go Leamhcán. Ní raibh bealach ar bith eile ann a bhí cinnte sábháilte ag an phointe sin, bhí cúrsaí tráchta ag athrú achan chúpla bomaite ar scáileán an tiománaí. Ach b’fhiú é. Agus muid ag gabháil an M50 bhreathnaigh muid ar an scuaine fhada carranna Garda ag gabháil an treo eile, i dtreo thuaisceart na cathrach. Bhí oíche fhada rompu. 


Thursday, 13 March 2014

Rith nó siúl



Bhí mé an-mhaith ar fad ar an chéad lá den bhliain nua i mbliana. Bhí mé chun mo chorp a chur ar ais ina riocht agus mo shaol chomh maith. Mar chuid den phlean mór chuir mé ríomhphost chuig Rith 2014 ar an chéad lá d'Eanáir ag tairiscint mo sheirbhísí le cuidiú leis an chúrsa reatha nuair a bheadh sé ag dul trí mo bhaile féin anseo. Maor uisce, b'fhéidir, nó scáirt-amach-go-hard-chun-an-mhuintir-reatha-a-anamú, b'fhéidir. Ar a ceathair a' chlog ar maidin. Mar a tharla, níor tháinig siad ar ais chugam agus tharla rudaí eile i mo shaol ó bhí La Coile ann agus d'fhan mé te teolaí sa leaba ag an am cuí.

Deirtear go bhfuil dhá shaghas ar an domhan seo - lucht reatha agus lucht-nach-reatha. Titim sa dara catagóir. Siúlaim.  Ach deirtear liom go bhfuil an rith insroichte má thugann tú faoi ar an dóigh ceart. Mar sin de, chláraigh mé leis an scéim a bhí ag an Irish Times chun daoine a chur amach ansin faoin aer, ag rith. Ocht seachtaine. Rinne mé seachtain amháin. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn...

Ach siúlaim. Siúlaim faoin aer i bPáirc an Fhionnuisce agus siúlaim ar an mheaisín sa gym.


Agus tá mé chun triail a bhaint as an tsiúl lochlannach - siúl le bataí. Is cosúil go ndéanann an saghas siúil sin maith don ghualainn a ndearnadh sceannairt uirthi. Ní bheidh mé chomh galánta, lúfar, álainn leis an phictiúr thuas a sciob mé ó chlub anseo, beidh mé beag, ramhar agus dearg san aghaidh. Ach beidh me á dhéanamh! Beidh le feiceáil.