Bhí mé in Nordie
Mode aréir. Tháinig sé ar ais chugam scioptha go leor.
Rith. Rith, a bhean, rith.
Ní mar sin a thosaigh
an tráthnóna.
Fuair mé an bus
ar a cúig le bheith ag Leabharlann Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath,
le bheith ansin ar a sé. Bhí mé le píosa cainte a dhéanamh mar gheall ar
thaibhsí agus tithe móra do shraith cainteanna na Samhna.
Bhí mo
Phowerpoint réidh, bhí mo phictiúirí réidh, bhí mo scéalta fíora agus scéalta bréagacha
réidh.
Chaith mé dhá
uair a’ chloig ar an bhus sin. Chuartaigh mé Twitter (X) ach ag an phointe sin
ní raibh ann ach tuairisc mar gheall ar an eachtra thragóideach a tharla ar Chearnóg
Pharnell ní ba luaithe an tráthnóna sin, nuair a ionsaíodh páistí agus a lucht
cúraime ag teacht abhaile ó bhunscoil, gan trácht ar na círéibeanna náireacha a
thit amach ina dhiaidh sin. Bhí Sráid Uí Chonaill druidte ag carranna póilíní
ach ghlac mé leis nach raibh ann ach gnáthoibríochtaí de chuid na nGardaí i
ndiaidh na n-ionsaithe.
Ní hamhlaidh a
bhí. Níor luaithe mé tosaithe ar mo speech ná tháinig an lucht leabharlainne
isteach lenár ndíbirt amach as an áit, bhí siad le druidim go luath.
Amuigh ar an
tsráid, ba léir go raibh an pobal suaite go mór, fiú i rith na tréimhse gairide
a bhí caite agam istigh san foirgneamh. Bhí duine amháin go háirithe ag stad an
bus a mheas mé a bheith ... achrannach. Bhog mé síos chuig stad bus síos an
bóthar. I ndiaidh tamaill ag fanacht gan aon bhus ag teacht inár dtreo, léigh bean eile ag an stad óna fón go raibh na busanna stopaithe, ceal ionsaithe
orthu. Ní bheadh aon bhus le fáil an oíche sin.
Chonaic mé Gardaí
ag rith an bealach eile, i dtreo Shráid Uí Chonaill, in éide iomlán círéibe. Agus
carranna Garda ag gabháil an treo céanna. Bhí boladh rubair dhóite san aer. Bhí daoine ag brostú anonn is anall i ngach treo. Bhí na hingearáin amuigh ag na Gardaí os ár gcionn.
Rith, a bhean. Fuair tú traenáil mhaith i d'óige i mBéal Feirste agus na Trioblóidí ar siúl. Úsáid í.
Stop tacsaí agus
lig sé bean óg amach ar an tsráid. Chuir mé forrán ar an tiománaí agus ar shiúl
linn. D’íoc mé fortún ar an turas tacsaí sin, tríd an Tollán go Seantrabh agus
amach i dtreo an aerfoirt, ansin síos an M50 go Leamhcán. Ní raibh bealach ar bith eile ann a bhí cinnte sábháilte ag an phointe sin, bhí cúrsaí tráchta ag athrú achan chúpla bomaite ar scáileán an tiománaí. Ach b’fhiú é. Agus muid ag gabháil an M50 bhreathnaigh muid ar an scuaine fhada carranna Garda ag gabháil an treo eile, i dtreo thuaisceart na cathrach. Bhí oíche fhada rompu.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.