Tháinig m'iníon isteach go lár na cathrach agus tháinig muid ar a chéile i measc an tslua. An t-am go raibh mé torrach léi siúd, 26 bliana ó shin, bhí mé ag obair agus ag stopadh i Luimneach. Fuair mé go leor íde béil ó altra is ó thuata ag an am, mar nach raibh mé pósta agus mé ag iompar clainne. Muna raibh mé searbh faoi na cúrsaí seo roimhe, bhí mé eolach go leor fá dtaobh daofa faoin am gur fhág mé an baile sin. Thosaigh an fhearthainn an titim ach ghlan sí sin roimh i bhfad. Ach nach mé a bhí buíoch gur chuir mé orm na thermals ar maidin.
Thit an oíche agus shiúlamar linn, thart ar Bhanc na hÉireann agus Coláiste na Trionóide. Bhí daoine ag caint go ciúin don chuid is mó. Ag iarraidh coinnle a lasadh is a gcoinneáil lasta leis an ghaoth a bhí ag séideadh. Thosaigh dream polaitiúil taobh thiar díom ag gáir is ag glaoch manaí ach ba léir nach raibh an chuid is mó againn bainteach le polaitíocht.
I measc na bpóstaer uilig go léir bhí ceann amháin a chonaic mé a chuir idir ghol is gháire mé. 26 bliana ó shin bheinn á iompar. 26 bliana ó shin. I mbliana, tá mé 52. Ag siúl. Arís.