Saturday, 17 November 2012

Never again


Bhí an lá geal go fóill nuair a bhuail mé síos chuig  Cearnóg Pharnell inniu. Ach bhí an áit dubh le daoine. Daoine óga is aosta, fir is mná, saibhir is daibhir, ciníocha Eorpacha agus Áiseacha agus Indiacha ann. Grúpaí agus daoine ina n-aonair. Bhuail mé le bean eile ar comhaois liom féin a bhí ina ina haonair agus thosaigh an comhrá. Tharla cailleadh gine di féin blianta ó shin agus bhí uirthi an ghin a bhí marbh a iompar thart ar feadh na míonna ina dhiaidh, mar ní raibh sé ceadmhach an fuíoll a bhaint amach. Bhí orthu fanacht ar an chorp feidhmiú as a stuaim féin. Thairg sí coinneal dom. Ghlac mé leis go fonmhar. Ní raibh ceann liom.

Tháinig m'iníon isteach go lár na cathrach agus tháinig muid ar a chéile i measc an tslua. An t-am go raibh mé torrach léi siúd, 26 bliana ó shin, bhí mé ag obair agus ag stopadh i Luimneach. Fuair mé go leor íde béil ó altra is ó thuata ag an am, mar nach raibh mé pósta agus mé ag iompar clainne. Muna raibh mé searbh faoi na cúrsaí seo roimhe, bhí mé eolach go leor fá dtaobh daofa faoin am gur fhág mé an baile sin. Thosaigh an fhearthainn an titim ach ghlan sí sin roimh i bhfad. Ach nach mé a bhí buíoch gur chuir mé orm na thermals ar maidin.

Thit an oíche agus shiúlamar linn, thart ar Bhanc na hÉireann agus Coláiste na Trionóide. Bhí daoine ag caint go ciúin don chuid is mó. Ag iarraidh coinnle a lasadh is a gcoinneáil lasta leis an ghaoth a bhí ag séideadh. Thosaigh dream polaitiúil taobh thiar díom ag gáir is ag glaoch manaí ach ba léir nach raibh an chuid is mó againn bainteach le polaitíocht.



Ní raibh cead againn dul suas Sráid Chill Dara mar bhí an slua ró-mhór. Ach mar a dúirt fear taobh liom, nach múinte na hÉireannaigh. Garda amháin chun stop a chur linn agus sinn a threorú síos Sráid Thobair Phádraig. Chruinníomar isteach chuig Cearnóg Mhuirfean. Thosaigh na speechanna.


I measc na bpóstaer uilig go léir bhí ceann amháin a chonaic mé a chuir idir ghol is gháire mé. 26 bliana ó shin bheinn á iompar. 26 bliana ó shin. I mbliana, tá mé 52. Ag siúl. Arís.



8 comments:

  1. Tá mé chomh buartha faoin mbean bhocht nach féidir liom aon cheo a scríobh faoi fós, a Réaltán.

    Go raibh maith agat, a chara. Bhí mo smaointe agus mo thacaíocht libh inniu.

    ReplyDelete
  2. Bhí a raibh le léamh sa nuachtán faoin gcás dochreidte ar fad. Is sna sonraí a bhíonn an Diabhal, mar a déarfá, agus beidh le feiceáil cad a thabharfaidh an fiosrúchán chun solais ach tá an chuma ar an scéal gur deineadh íobairt de bheatha na mná óige boichte seo ar son na hidé-eolaíochta.

    Dála an scéil, scríobh Heinrich Böll sna caogadaí gurbh í cathair Luimní an baile ba chráifí in Éirinn. Bhí ord rialta áirithe sa chathair a mbíodh de ghnás acu na tuataí a sceimhliú go smior ag na "retreats" - agus bhíodh an-tóir ar na retreats céanna ag na tuataí!

    ReplyDelete
  3. Maith thú as ucht a bheith ann!

    ReplyDelete
  4. creid uaimse é, ní raibh mórán idir Luimneach is mo bhaile dhúchais féin, Béal Feirste, sna hochtóidí!

    ReplyDelete
  5. Bhíos ag an mórshiúil freisin agus ar an gcéadaoin. Bhí an áit plódaithe. Cheapas féin go mbeidh troid ag an GPO, nuair a roghnaigh duine Pro-life teacht isteach sa slua le bileoga ach thug an tromlach neamhaird.

    ReplyDelete
  6. ní fhaca mé aon rírá, rud a chuir lúcháir orm, mar shíl mé go mbeadh 'fórsaí na beatha' ag iarraidh rud mór a dhéanamh de - nó Youth Defence, ar a laghad. Ach bhí seanbhean amháin ina seasamh le póstaer gine agus shopping trolley, cóta agus beret, ag Droichead Uí Chonaill i measc na siúlóirí. SeanDub go smior mar a d'fheictí ag Guiney's agus Clery's i rith na seachtaine, nó Moore St. Rinne daoine neamhaird uirthi agus shiúil siad thart uirthi. Beidh rud éigin eile ar siúl an Chéadaoin seo arís, is dóigh liom, taobh amuigh den Dáil. Beidh mé féin ag obair ach seans go bhfaighidh mé isteach ar feadh píosa.

    ReplyDelete
  7. Níl an scéal chomh simplí. Is mór an trua go mbaintear mí-úsáid as bás na mná boichte seo.

    ReplyDelete
  8. Níl aon scéal simplí, cinnte. Tá sé níos measa arís. Tá mná ag fáil ginmhillte thall i Sasana mar nach bhfuil teacht acu ar ghinmhilleadh anseo. Mar a deir TD anseo, Clare Daly, tá ginmhilleadh againn anseo, níl ann ach go dtarlaíonn an obráid féin thall ar an taobh eile den mhuir. Níl daoine ag baint mí-úsáid as bás Savita, tá siad ag iarraidh a dhéanamh cinnte go dtugtar seans don bhean lánfhásta sa tír seo, agus nach n-úsáidtear í mar mheaisín atáirgithe ina hainneoin féin.

    ReplyDelete