Showing posts with label amhrán náisiúnta. Show all posts
Showing posts with label amhrán náisiúnta. Show all posts

Sunday, 8 March 2015

An PanCheilteach

Foireann Bhrighdín - na buaiteoirí - roinnt den bhanna!


Cúis iontais domh an cúpla uair go raibh mé ar an Chomórtas Amhránaíochta PanCheilteach a laghad aird is a thugann meáin na tíre seo air. Bhí an réamhchomórtas Éireannach ar siúl aréir i gCeatharlach - bhuaigh amhrán as Dún na nGall.

 Ach ina dhiaidh sin agus uile, ach gurb é go mbíonn Mise Áine ag freastal air agus ag cur i gcuimhne domh go bhfuil sé in am againn bualadh le chéile ann, is beag tagairt a d'fheicfinn féin don ócáid.
Marcus Mac Conghail - 'Is Cuma sa tSioc'

Bíonn scoth thalann na tíre ann, idir leithéidí Mharcuis (thuas) agus Séamus Barra Ó Súilleabháin agus a chairde (thíos). Daoine óga agus chan chomh hóg sin, ag cur amhráin nua-chumtha i láthair i nGaeilge.

Séamus Barra, Enda Reilly agus An Réalt - 'Go Beo go Deo na nDeo'

agus i ndiaidh an chomórtais - na dara duaiseadóirí

Cá raibh TG4, Raidió na Gaeltachta nó Raidió Rí-Rá? Cá raibh an raidió pobail áitiúil? Ceiliúradh ar an teanga bheo a bhí ann. Chan ionann is cúpla seó a raibh mé i measc an lucht féachána i stiúideo in RTÉ, ag leanstan treoracha ón mhaor cláir a bhí ag inse dúinn 'déanaigí bualadh bos... anois!', Ní raibh aon stiúradh ná cur i gcéill ann. Ach bhí beocht ann, agus talann agus ceol. Pobal.

Shane Ó hAonghusa a sheinn cúpla amhrán as a albam nua, le heisiú ar ball ar iTunes
Ach ar ndóigh, mar a luaigh mé cheana, bhí mé sásta gur bhain an t-amhrán Conallach, ar chúpla fáth. Banna mór a bhí i gceist, daoine óga don chuid is mó. Tháinig siad ar mhionbhus as Gaoth Dobhair go Ceatharlach agus d'fhan siad thar oíche. Níl aon chostaisí i gceist anseo, mar sin iad féin a chaithfeas an bille sin a sheasaimh iad féin, ar nós muintir Chiarraí (Eilín Ní Bheaglaíoch agus a banna taca, mar shampla, nó Séamus Barra agus a bhanna as LiosTuathail, nó muintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh). Bhí sé costasach go leor acu uilig idir taisteal agus lóistín. Go háirithe le scaifte mór.

roinnt de mhuintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh le 'Anseo'
Ach bhain Brighdín Carr agus a foireann an craobh leis an amhrán 'Árainn Mhór'. Beidh siad ag dul ar aghaidh chuig an chomórtas idirnáisiúnta 7 - 12 Mí Aibreáin i nDoire. Beidh na hUltaigh ansin, ag tacú lena gcineál!

Brighdín Carr i mbun ceoil



Tuesday, 8 April 2014

Amhrán agus amhrán eile



'Bhí mé ag breathnú ort le linn Amhrán na bhFiann. Tháinig tocht ort, nár tháinig?' arsa an Briotánach liom.
D'amharc mé uirthi. Tocht? Amhrán náisiúnta? Chaith mé m'óige ag teitheadh ó na hamhráin chéanna.

 Ba ghnáth le daoine teitheadh ó Amhrán Naisiúnta an Ríocht Aontaithe sa phictiúrlann i mBéal Feirste nuair a bhí mé óg. Sheinn siad é ('amhrán na banríona') ag deireadh gach oíche, i ndiaidh an scannáin. Ar ndóigh, pictiúrlann aon scáileán amháin a bhí i gceist. Ar ndóigh. Agus faoin am gur las siad na soilse sa téatar agus an chéad chúpla barr ag teacht tríd na callairí, ní bhíodh fágtha ach corraondachtóir righin agus lucht na gcosa malla. Is rí é dílseoir dílis  i measc na mbacach.

Agus na hoícheanta nach raibh mé ag an phictiúrlann, bhí mé ag an chéilí. Agus arís, bhíodh daoine réidh le himeacht ar luas lasrach sula mbuaileadh an bhanna ceoil nótaí deiridh Thonntaí Thoraí, damhsa deireanch gach céilí i mBéal Feirste. Sula raibh seans ag an bhanna Amhrán na bhFiann a sheinnt bhíodh an halla bánaithe, gan fágtha ach corrdhuine neamhlúfar nó poblachtánach a chreid sa phoblacht. Rí eile i measc na meisceoirí.

Tocht? Leadrán. Lá tábhachtach a bhí ann, gan dabht. Ach ar nós am Amhrán na bhFiann, b'fhearr liom na sálaí a scinneadh ar mo bhealach amach an doras ná suí suaimhneach. Agus faoin cheathrú huair gur sheinn siad an t-amhrán náisiúnta, bhí barúil agam go raibh siad ar aon phort amháin faoin phort céanna.