|
Foireann Bhrighdín - na buaiteoirí - roinnt den bhanna!
Cúis iontais domh an cúpla uair go raibh mé ar an Chomórtas Amhránaíochta PanCheilteach a laghad aird is a thugann meáin na tíre seo air. Bhí an réamhchomórtas Éireannach ar siúl aréir i gCeatharlach - bhuaigh amhrán as Dún na nGall.
|
Ach ina dhiaidh sin agus uile, ach gurb é go mbíonn
Mise Áine ag freastal air agus ag cur i gcuimhne domh go bhfuil sé in am againn bualadh le chéile ann, is beag tagairt a d'fheicfinn féin don ócáid.
|
Marcus Mac Conghail - 'Is Cuma sa tSioc' |
Bíonn scoth thalann na tíre ann, idir leithéidí
Mharcuis (thuas) agus
Séamus Barra Ó Súilleabháin agus a chairde (thíos). Daoine óga agus chan chomh hóg sin, ag cur amhráin nua-chumtha i láthair i nGaeilge.
|
Séamus Barra, Enda Reilly agus An Réalt - 'Go Beo go Deo na nDeo' |
|
agus i ndiaidh an chomórtais - na dara duaiseadóirí |
Cá raibh
TG4,
Raidió na Gaeltachta nó
Raidió Rí-Rá? Cá raibh an raidió pobail áitiúil? Ceiliúradh ar an teanga bheo a bhí ann. Chan ionann is cúpla seó a raibh mé i measc an lucht féachána i stiúideo in RTÉ, ag leanstan treoracha ón mhaor cláir a bhí ag inse dúinn 'déanaigí bualadh bos... anois!', Ní raibh aon stiúradh ná cur i gcéill ann. Ach bhí beocht ann, agus talann agus ceol. Pobal.
|
Shane Ó hAonghusa a sheinn cúpla amhrán as a albam nua, le heisiú ar ball ar iTunes |
Ach ar ndóigh, mar a luaigh mé cheana, bhí mé sásta gur bhain an t-amhrán Conallach, ar chúpla fáth. Banna mór a bhí i gceist, daoine óga don chuid is mó. Tháinig siad ar mhionbhus as Gaoth Dobhair go Ceatharlach agus d'fhan siad thar oíche. Níl aon chostaisí i gceist anseo, mar sin iad féin a chaithfeas an bille sin a sheasaimh iad féin, ar nós muintir Chiarraí
(Eilín Ní Bheaglaíoch agus a banna taca, mar shampla, nó Séamus Barra agus a bhanna as LiosTuathail, nó muintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh). Bhí sé costasach go leor acu uilig idir taisteal agus lóistín. Go háirithe le scaifte mór.
|
roinnt de mhuintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh le 'Anseo' |
Ach bhain Brighdín Carr agus a foireann an craobh
leis an amhrán 'Árainn Mhór'. Beidh siad ag dul ar aghaidh chuig an chomórtas idirnáisiúnta
7 - 12 Mí Aibreáin i nDoire. Beidh na hUltaigh ansin, ag tacú lena gcineál!
|
Brighdín Carr i mbun ceoil
|
Bhain mé an-sult as na hamhráin, agus as an gcraic uilig...agus as an gcomhluadar, go deimhin...deas thú a fheiceáil arís, a Réaltán.
ReplyDelete