Sunday 1 March 2015

Saoirse na bhFear




Bhí mé ar ócáid i dTeach an ArdMhéara aréir, i mBaile Átha Cliath. Bhí Saoirse na Cathrach á bhronnadh ar bheirt shaoránach de chuid na cathrach mar gheall ar chomh héachtach is atá a saol agus mar gheall ar an mhaith a rinne siad don chathair nó don sochaí lena linn.

na trófaithe, 2015

Téann an gnás seo siar go 1876 (agus roinnt de na dlithe seo,ag tagairt do 1454) agus tá pribhléidí agus dualgaisí a bhaineann leis an am sin agus le ham roimhe sin. Ar na bpribhléidí, tá -

-tá sé de cheart ag Fear Saor earraí a thabhairt isteach sa chathair gan dleachta a íoc.
-tá sé de cheart ag Fear Saor a chuid caoracha chur ar féarach ar choimín na cathrach, m.sh Faiche an Choláiste agus Faiche Stiabhna
- tá vóta ag Fear Saor i dtoghcháin na cathrach agus na parlaiminte



Ar na dualgaisí, tá -

- caithfidh gach Fear Saor bheith ullamh chun catha ar son na cathrach
- caithfidh gach Fear Saor bheith réidh chun dul isteach i Milíste na Cathrach in am an ghátair
- caithfidh gach Fear Saor na giuirléidí a leanas  bheith ina sheilbh aige: culaith máille, bogha, clogad éadrom, claíomh.



Muis, tá traidisiún agus stair ag baint leis na coinníollacha seo ar fad atá iontach saibhir. Ach bhí díomá orm gur cloíodh le traidisiún eile a théann siar na céadta bliain - gan aitheantas a thabhairt do mhná. Ar eagla go sílfeadh daoine go bhfuil mé ag piocadh ar bhliain amhain, amharc siar na blianta ar fad ANSEO (agus thíos). Tá mná beagnach dofheicthe. B'fhéidir nach bhfuil seanchulaith máille sa chófra againn?

Fir Shaora 2015


Bíodh is go raibh oíche 'ghalanta' ann, agus bíodh is go bhfuil an-mheas agam ar an Bhráthair Kevin Crowley agus an obair a dhéanann sé ar son na ndaoine sin nach ndéanann an rialtas aon rud dóibh (daoine gan dídean, daoin gan ghuth), mholfainn d'ArdMhéaraí Bhaile átha Cliath amach anseo a aithint go bhfuil dhá chineál ann.

Deirdre Heney, a rinne reachtaireacht ar an oíche. 



Liosta na bhFear Saor (agus corrbhean)

  • Isaac Butt,  1876 
  • W.E. Gladstone, 1877
  • U.S. Grant,  1879
  • Edward E. Potter,1880
  • Charles S. Parnell, 1882
  • John Dillon,  1882
  • Kevin Izod O’Doherty,1885
  • Patrick A. Collins, 1887
  • William O’Brien,  1887
  •  Ripon, 1888
  • John Morley,  1888
  • Patrick F. Cardinal Moran 1888
  • Margaret Sandhurst,1889
  • James Stansfeld, 1889
  • George Salmon,  1892
  • Stuart Knill, 1893
  • Timothy Daniel Sullivan,1893
  • Thomas Sexton,  1887
  • J.E. Redmond,  1901
  • P. A. McHugh, 1901
  • An Craoibhín Aoibhínn, 1906
  • Spencer Harty, 1907
  • Hugh P. Lane,1908
  • Richard Croker, 1907
  • E. O’Meagher Condon, 1909
  • Charles A. Cameron,  1910
  •  Kuno Meyer, 1911
  • Peadar Ua Laoghaire, 1911
  • Daniel Mannix, 1920
  • John McCormack,1923, 
  • Ehrenfried Gunther,  1928
  • Baron von Hunefeld, Hermann Koehl, 1928
  • James C., Fitzmaurice,1928
  • Frank B. Kellogg, 1928
  • Lorenzo Cardinal Lauri,1932
  • John Lavery, 1935
  • John Purser Griffith,  1936
  • G. Bernard Shaw, 1946
  • Richard J. Cushing, 1949
  • Paul A. Dever,  1949
  • Sean T. O Ceallaigh,1953
  • John Cardinal D’Alton, 1953
  • Gerald P. O’Hara, 1954
  • Chester Beatty, 1956
  • John F. Norton, 1958
  • G.P. Cardinal Agagianian 1961
  • Michael Cardinal Browne 1962
  • John F. Kennedy, 1963,
  • Hilton R.H. Edwards, 1973
  • Micheál Mac Liammóir, 1973
  • Eamon de Valera,  1975
  • John A. Costello, 1975
  • Joannes Paulus PP. II, 1979
  • Noel Purcell,  1984
  • Maureen Potter 1984
  • Akihito,  1985
  • Michiko, 1985
  • Stephen Roche, 1987
  • Nelson Mandela,  1988
  • Pádraig Ua hIrighile, 1991
  • M. Teresa,  1993
  • John Charlton, 1994
  • William J. Clinton, 1995
  • Gabriel M. Byrne,  1999
  • Aung San Suu Kyi,  1999
  • Paul McGuinness 1999
  • The Edge,  1999
  • Larry Mullen Junior,1999
  • Adam Clayton,1999
  • Bono,  1999, 
  • Mikhail Gorbachev, 2001
  • Kevin Heffernan, 2004
  • Ronnie Delany, 2005,
  • Bob Geldof, 2005,
  • Thomas Kinsella,  2007
  • Louis Le Brocquy, 2007
  • Fr. Peter McVerry SJ, 2013
  • Brian O’Driscoll, 2013

      

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.