Monday 16 March 2015

Urraim don mháithreachas


Thrácht mé ar an fhéile seo roimhe, féile nach bhfuil mé ró-thugtha dó lena shiúcracht is a ghleoiteacht gan teorainn. Bímis umhal do na máithreacha, a deir an féile seo. Inniu. Bímis buíoch as gach rud a rinne siad dúinn. Inniu.

An raibh Lá na Máthar faoi shéan is faoi mhaise agaibh, a mhná na hÉireann? Anois go bhfuil an Luan buailte linn?

An bhfuil bhur bpinsean méadaithe inniu ón lá inné, ó thug sibh suas an jab lán-aimseartha agus bhur n-áit sa scuaine ardú pá chun páistí a bhreith ar an tsaol, a riaradh is a thógail? Níl? Ná bígí buartha. Seo dhaoibh bosca seaclaide uair sa bhliain.

An raibh Lá na Máthar faoi shéan is faoi mhaise agaibh, a mhná simfiseatóime, anois nach bhfuil sibh in ann rith nó damhsa, nó in ann ag jab a choinníonn ar bhur gcosa sibh, nó cúrsaí leithris féin a laimhseáil le dínit mar nach bhfuil na húdaráis a cheadaigh a leithéid de bharbarthacht sásta freagracht a ghlacadh as an urraim seo a rinne siad don mháithreachas? Seo dhaoibh cárta Hallmark.

An raibh Lá na Máthar faoi shéan is faoi mhaise agaibh, a Mhaigdiléanaigh, sibhse ar sciobadh leanaí agus saol uaibh, agus beocht féin in amanna? Seo dhaoibh planda le blatha deasa.

An raibh Lá na Máthar faoi shéan is faoi mhaise agaibhse a bhí ag iarraidh gabháil isteach i gclinic Marie Stopes i mBéal Feirste ar an mallaibh le gnó príobháideach nár bhain le madaidh na sráide a dhéanamh? Seo dhaoibh scairf nua. Le páipéar deas thart air.

An raibh Lá na Máthar faoi shéan is faoi mhaise agaibh, a bhaill d'fhoireann rugbaí buacach na hÉireann, anois go bhfuil an Luan tagtha agus an níocháin ó na cluichí sin le cur sa mheaisín? Seo dhaoibh Toblerone.

Agus sula suíonn duine éigin siar chun pápaireacht a dhéanamh ar shearbhas an mhéid atá thuas - 1) tá clann orm, 2) leanann siad nósmhaireachtaí na tíre gach bliain ag iarraidh lá speisialta a dhéanamh de agus 3) tugaim amach gach bliain, ag míniú - arís eile -  gur Lá Hallmark é agus nach maith mar atá a fhios acu é. Ní féidir luach suarach a chur ar mháithreacht  nó athaireacht lá sa bhliain, a deirim. Agus gach bliain bíonn díomá orm nach dtagann siad isteach chugam le saoire réamhíoctha gach costas san aireamh go Barbados, nó Capri, b'fhéidir.


1 comment:

  1. Smaointe á spreagadh agat, mar is iondúil leat, a chara...go raibh maith agat!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.