Monday 23 March 2015

Midland Lár Tíre



Bhuail mé isteach chuig an taispeántas seo mar go raibh an teideal dátheangach (Gaeilge agus Béarla). D'fhan mé san fhoirgneamh agus chaith mé léar mór ama ann mar gheall ar an taispeántas féin. MidlandLár Tíre, taispeántas ilmheáin san Arcív Grianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill. Chuaigh an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, in airde ar a rothar agus away léi ar thuras suas síos línte traenacha, línte nach stopann traenacha ann a thuilleadh.

Súdh isteach mé i saolta na ndaoine a chónaíonn suas síos líne traenach nach stopann traenacha ann a thuilleadh. Mhair mé tamall ina seomraí suí, ina gcistineacha, ina ngairdíní cúil in éineacht leis an ealaíontóir.

Ba chuma sa tsioc liom faoi na grianghrafanna foirmeálta, oifigiúla thíos staighre. Chomh luath is a d'éist mé leis na guthanna ar thraiceanna mp3 sa ghailearaí thuas staighre bhí mé gafa. Bhí scéalta ann faoin chogadh cathardha, faoi Éirí Amach na Cásca. Bhí scéalta ann faoi dhaoine a tháinig is a d'imigh. Bhí uaigneas agus lúcháir sna guthanna seo ach ní raibh pioc féintrua ann do na línte agus na stáisiúin tréigthe seo. Bhí beocht agus caidreamh sóisialta ann.





'Midlands LárTíre' atá ar an taispeántas seo agus sin an rud atá ann. Tá an próiseas cruthaithe a d'úsáid an t-ealaíontóirí ar taispeáint ann go soiléir, leis na foinsí éagsúla eolais a chuireann sí romhainn. Thaitin na dialanna liom go mór. Tá cúpla ceann le feiceáil ann agus na nótaí a bhreac sí chun macnamh a dhéanamh níba mhoille faoi cad a chuirfeadh sí isteach sna déantúsáin éagsúla don taispeántas. Is léir an smaoineamh agus an bailiú eolais a bhí ar siúl aici chun an t-eispéaras seo a bhlaiseadh, agus go raibh sí beo, beathach  ar an láthair.




Is feidir léirmheas níos iomláine agus níos foirmeálta a léamh ANSEO, ach molaim d'éinne a bhfuil spéis acu i mbéaloideas nó suim sa stair shóisialta cuairt a thabhairt air. Saor in aisce, ach fiúntach agus luachmhar.

Léirmheas eile air seo ar fail ar 'Meon Eile' ANSEO

‘Midland – Lár Tire’

Barra an Teampaill, BÁC 2
ar oscailt go 24 Bealtaine 2015

Tuilleadh eolais ar fáil ó  Pamela de Brí


pameladebri@gmail.com


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.