'Bhí mé ag breathnú ort le linn Amhrán na bhFiann. Tháinig tocht ort, nár tháinig?' arsa an Briotánach liom.
D'amharc mé uirthi. Tocht? Amhrán náisiúnta? Chaith mé m'óige ag teitheadh ó na hamhráin chéanna.
Ba ghnáth le daoine teitheadh ó Amhrán Naisiúnta an Ríocht Aontaithe sa phictiúrlann i mBéal Feirste nuair a bhí mé óg. Sheinn siad é ('amhrán na banríona') ag deireadh gach oíche, i ndiaidh an scannáin. Ar ndóigh, pictiúrlann aon scáileán amháin a bhí i gceist. Ar ndóigh. Agus faoin am gur las siad na soilse sa téatar agus an chéad chúpla barr ag teacht tríd na callairí, ní bhíodh fágtha ach corraondachtóir righin agus lucht na gcosa malla. Is rí é dílseoir dílis i measc na mbacach.
Agus na hoícheanta nach raibh mé ag an phictiúrlann, bhí mé ag an chéilí. Agus arís, bhíodh daoine réidh le himeacht ar luas lasrach sula mbuaileadh an bhanna ceoil nótaí deiridh Thonntaí Thoraí, damhsa deireanch gach céilí i mBéal Feirste. Sula raibh seans ag an bhanna Amhrán na bhFiann a sheinnt bhíodh an halla bánaithe, gan fágtha ach corrdhuine neamhlúfar nó poblachtánach a chreid sa phoblacht. Rí eile i measc na meisceoirí.
Tocht? Leadrán. Lá tábhachtach a bhí ann, gan dabht. Ach ar nós am Amhrán na bhFiann, b'fhearr liom na sálaí a scinneadh ar mo bhealach amach an doras ná suí suaimhneach. Agus faoin cheathrú huair gur sheinn siad an t-amhrán náisiúnta, bhí barúil agam go raibh siad ar aon phort amháin faoin phort céanna.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.