Friday 4 April 2014

A Éamoinn, a rún


Tá bréagán nua agam, mar atá, fón cliste. D'imigh na cnaipí ar an seancheann bómánta nach ndearna ach glaochanna a chur agus a fháil, grianghrafanna a ghlacadh agus raidió a chur ar fáil domh. Silly-billy fón.  Anois tá ceann agam a dhéanann seiceáil ar mo ríomhphost, a léann mo leathanach Facebook domh, a choinníonn súil ar cén t-am a thiocfas an chéad bhus eile chuig an stad bus taobh liom agus a dhéanann iarracht an suíomh fisiciúil ina bhfuil mé a scaoileadh leis an domhan mhór (ní ligim dó, ba mhaith liom príobháideachas de shaghas éigin i mo shaol - nó a chosúlacht sin, cibé ar bith).

Ceann de na buntáistí agam féin leis an ghléas nua seo ná go bhfuil wi-fi ar bhusanna Átha Cliath agus is féidir liom tarraingt ar an idirlíon ar an turas isteach agus amach chuig an obair. Sin an áit a léim na nuachtáin, na laethe sin. Ar mo ghléas-sa, ar nós beagnach gach duine eile ann ar maidin. Is mór an gar é. Giorraíonn beirt bóthar, a deir siad. Seo an leagan nua-aimseartha de sin, is dócha. Gach duine cuachta ina ndomhan beag féin. Agus sula dtosaíonn aon duine ag mairgnigh faoi bhás comhrá agus craic, cuimhnigh gur luath ar maidin atá ann. Bíonn an t-ádh orm bheith i mo shuí, gan trácht ar bheith ag moch-airneáil ar an bhus.

Léim alt Éamoinn Mhic Cann amach chugam inné, ar ndóigh, i ndiaidh domh gabháil trí chinnlínte faoi Shatter agus Callinan agus buggáil agus pobalbhreitheanna. Thart fá leath bhealaigh isteach chun na cathrach domh. Bhí Éamonn McCann ag cur síos ar thuairisc nua atá tagtha amach a léiríonn go bhfuil Caitlicigh - ar an iomlán - chun tosaigh ar Phrotastúnaigh - ar an iomlán - sa chóras oideachais ó thuaidh. Níl aon rud nua sna torthaí seo, ach tá tuairisc oifigiúil ann anois le cur leis an tuairimíocht a bhí ag gabháil thart le tamall.

An rud a chur díomá orm ná nach ndearna an tuairisceoir scagadh ar na fáthanna agus na cúiseanna taobh thiar de na torthaí seo. Bhí mé ag obair i Scoil an Oideachais in Ollscoil na Ríona i mBéal Feiste ar feadh tréimhse mé féin, agus chuir mé an-spéis sa chóras ó thuaidh, córas nár athraigh mórán ó bhí mé féin ar scoil ann sna seachtóidí. Is dóigh liom go n-aimsíonn an t-uasal McCann cuid de na cúiseanna ata ann le heaspa dul chun cinn - bochtaineacht agus na fadhbanna a bhaineann leis, easpa féinspreagtha chun leanstan leis an oideachas thar aois 16+, easpa measa ar léann mar uirlis don tsaol i gcoitinne. Ach chaill sé an pointe ar fad ar fad, dar liom, nuair a mhol sé na scoileanna gramadaí agus thacaigh sé - go neamhchoinsiasach, tá mé cinnte - leis an chóras  a scagann páistí óna chéile ag aois 11+.

File:Japanese high school classroom.jpg

Ag aois 11+, má cheadaíonn do thuismitheoirí duit an scrúdú 11+ a dhéanamh, gheobhaidh tú amach an bhfuil todhchaí i ndán duit sa chóras oideachais ó thuaidh nó an 'teip' thú. Bíodh is go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis tarraingt siar as an chóras seo agus moladh a thabhairt gan bheith páirteach sa chóras seo níos mó, tá scoileanna gramadaí ag buanú an chórais seo. Tá tuismitheoirí ag teacht leo mar gur mhaith leo go rachadh Jimí nó Joanie chuig scoil 'mhaith'. Agus muna gcloíonn siad leis an chóras scrúduithe seo, atá cruálach, deighilteach, bunaithe ar shean-nóisin theoranta éirime nó intleachta, ní bheidh Jimí ná Joanie in inmhe freastal ar an scoil 'mhaith' seo agus beidh orthu dul chuig an scoil do na déagóirí 'bómánta'.

An toradh ná go bhfuil scoileanna iontacha nach scoileanna gramadaí iad a chuireann oideachas ar dóigh ar fáil in ainneoin na deighilte seo. Ach tá dochar ollmhór á dhéanamh do pháistí, do thuismitheoirí agus don sochaí ó thuaidh gach bliain a mhaireann an córas deighilte seo, gach bliain a thacaíonn an Roinn Oideachais leis trí mhaoiniú a thabhairt do na scoileanna seo.

Agus tá tacaíocht ag na scoileanna gramadaí. Is cuimhin liom maidin dá raibh mé sa seomra tae i Scoil an Oideachais san ollscoil. Bhí raic ann fiú an t-am sin faoi scoileanna gramadaí nach raibh ag iarraidh géillstin don Roinn Oideachais ar ábhar an 11+. Rinne mé trácht orthu mar 'Continuity Grammars' - ní raibh siad ag iarraidh géillstin, ní raibh siad sásta glacadh ar bord go raibh athruithe déanta agus tuilleadh le déanamh agus baicle bheag dhocht a bhí iontu. Bhí léachtóir sinsireach amháin a chas liom taobh amuigh den seomra agus a dúirt liom go bhféadfadh sé cur ar an ollscoil smacht a chur orm mar gheall ar an chiníochas a léirigh mé leis an chaint udaí.

Group of teenagers sitting in classroom with raised hands.
Bhuel, deirim arís é. Cuireann an dream a thacaíonn le córas gramadaí déistin orm. Is iad siúd atá ciníoch tríd an chreidiúint mhímhorálta atá acu gur chóir páistí a dheighilt ag aois 11+ de réir cúpla uair a' chloig i halla scrúduithe. Tá sé in am ag an tuaisceart an chinedheighilt seo a stopadh. Agus in áit an córas deighilte seo a mholadh, ba cheart d'Éamonn McCann todhchaí a chur romhainn atá bunaithe ar pháistí nach bhfuil gortaithe ag an chóras chéanna (lch.11), córas atá in ainm iad a chothú. Níl sé ceart ná cóir go gcuirfí an lipéad oifigiúil 'teip' ar aon pháiste. Bogaimis ar aghaidh. Cuirimis deireadh leis na Continuity Grammars.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.