Saturday 16 October 2010

Paddy Doyle

Téann féintrua agus dúlagar lámh ar láimh le tinneas, ach ní cóir ligint dá leitheid an lámh in uachtar a bhreith ort. Bíonn go leor ócáide caointe ann le linn turas ailse, cinnte, ach bíonn ócáidí lúcháire ann chomh maith. Bhí mé ‘ag teacht chugam féin’ i ndiaidh an iomláin agus bhí sé de phléisiúr agam freastal ar Dhámhnachtainí an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath do dhuaiseanna 2010. Agsu creid mé, ní pléisiúr a bhíos ann i gcónaí! Ag brath ar an Ardmhéara, is féidir leis an oíche seo bheith an-an-an-fhada ar fad, ar fad. Má bhíonn na buaiteori tur nó ar bheagán grinn, is féidir leis na hóráidí síneadh amach go deo. Ach an oíche seo, bhí duine amháin a thug spreagadh agus ardú anama dá raibh sa halla.

Paddy Doyle, fear an ‘God Squad’. Chuaigh sé in airde ar an ardán ina chathaoir rotha agus bhain sé gáire asainn ar feadh an ama. Bhí sé dána, dolba, mí-urramach ar chléir agus ar thuath. Bhí sé beomhar, bríomhar, feargach, díreach, macánta, ionraic, spreagúil, misniúil, cneasta, daonna. Agus tháinig mé amach as na Dámhnachtainí an oíche sin buíoch nach raibh orm ach ailse.

A Emer Costello, Ardmhéara ag an tréimhse sin, go raibh maith agat as Paddy Doyle a aithint an oíche sin ar son a shaothair agus as ucht a bheatha. Spréigh sé a phaisean don saol beo agus lúchair an bheatha inár measc ag an ócáid. Léirigh sé tábhacht an ghrinn dúinn, nuair a bhíonn an saol trom, agus an tábhacht atá le daoine eile bheith cruinn thart ort.

Paddy go deo!


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.