Sunday 28 November 2010

Bindealú agus foighid




Bhuel, thosaigh mé ar fhisiteiripe don limféidéime Dé Luian – bindealú agus cuimilt craicinn. Agus ní raibh bindealáin ann do na méara, Dé Luain. Dé Máirt, thug me mo bhindealáin féin isteach, ach níor úsáid an fisiteiripeoir iad. Ná aon bhindealán eile, mar ní raibh siad ann! Bhí aiféaltas air, ach ní raibh na bindealáin aige.

An dara lá go dtearn sé an bindealú, ba léir nach raibh mo chraiceann ag comhoibriú leis. Chuir sé an bindealú orm (seachas ar na méara!) ar a naoi ar maidin. Faoina cúig trathnóna bhí mé ag strócadh na mbindealán díom. Bhí tochas millteanach ar mo ,láimh ar fad ón teas agus ón bhrú.

Nuair a bhain mé díom na bindealáin, bhí gríosadh dearg te ar mo láimh. Ba léir nach ndéanfaí aon bhindealú eile go cionn tamaill. Mar nach nglanann na nóid limfe an fhadhb ar shiúl mar nach bhfuil siad ann, maireann aon fhadhb atá agat le limféidéime tamall fada.

An iarraidh seo, áfach, bhí duifir suntasach ann. An chéad uair go bhfuair mé bindealú déanta agus gur éirigh na fadhbanna seo, bhí me faoi dhúlagar agus faoi bhrú. Anois, tuigim go bhfuil limféidéime lán fadhbanna agus nach bhfuil leigheas ar an rud ach foighid, foighne agus oh-my-god-bloody-hell.

Téim ar ais an tseachtain seo chugainn. An mbeidh bindealáin ann? Beidh le feiceáil.

Agus MiseÁine – bhó!!!! Tá daoine ag léamh seo!!!!!!

3 comments:

  1. @ 'Tá daoine ag léamh seo!!!!!!'

    Déanfaidh sé maitheas dóibh, agus dúinn uilig, a chara...;-)

    Go n-éirí go maith le d'fhoighne agus le do oh-my-god-bloody-hell!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.