Wednesday 10 November 2010

cleití bandearga

Fuair me bronntanas ó Action Cancer Dé Domhnaigh - seisiún ag gruagairí Peter Maud ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i mBéal Feirste. Síos liom go dtí an áit go beo. Fiú ón taobh amuigh, ba léir nach gnáthlá a bhí ann. Chonaic mé aingil bhándearga ag bogadaigh thart taobh istigh, ag teacht amach as mo charr an tráthnóna dorcha geimhridh samhna sin. Ag dul isteach an doras domh, tháinig beirt amach, máthair agus páiste, agus sciatháin bhándearga ghlioscarnacha ar dhroim an pháiste. Istigh sa salon féin, bhí an áit dubh le daoine ag rith thart le sciatháin bhándearga, glioscar bándearg ar a leicne agus ribíní bándearga ina ngruaigse.

Is cosúil gurb é ná go ndéanann na hoibrithe in Peter Maud Domhnach sa bhliain a chur isteach saor in aisce, gan pá. Ar an Domhnach seo, téann gach pingin a shaothraítear go Action Cancer. Agus faigheann gach bean atá ag obair san áit mamagram ó Action Cancer i rith na bliana. Cosnaíonn mamagram £80. Thóg lucht Peter Maud £2, 224 an Domhnach sin. Agus chaith siad roinnt bheag airgid ar na sciatháin in Poundworld.

Agus an t-atmaisféar....bhí na sciatháin agus na ribíní agus an smideadh agus an gáire ann. Bhí ruaille buaille agus craic ann. Bhí champagne ann. Bhí tae agus caife agus cupcakes bándearga ann.

Caithfidh mé a admháil gur tháinig cúpla deor chun tosaigh. Bhí mé anseo i measc stráinséirí a bhí ag iarraidh rud éigin deas a dhéanamh domh agus do mhná eile ar an lá seo. Fuair mé féin an pampering saor in aisce, a bhuíochas le Action Cancer iad féin, ach bhí mná eile ag cur a gcuid ama saor isteach ag freastal ar an ócáid agus ag bronnadh airgid ar an chúis.

Ag fanacht ar na hingne-snastóirí, thosaigh mé ag caint le beirt bhan Phreisbitéireacha. Ní théidís amach de ghnáth ar an Domhnach mar seo, mar ba lá é an Domhnach le caitheamh le clann agus le teallach, ach bhí siad ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don áit agus don chúis. Agus ag tabhairt spléachadh síos suas an sráid domh ag teacht amach as an ghruagaire, ba léir nach raibh oiread agus siopa amháin eile ar oscailt an tráthnóna Domhnaigh seo i gcroílár oirthear Bhéal Feirste.

Ach ba dheas sin. Ní raibh mé ag iarraidh mo chuid champagne a roinnt le barraíocht daoine...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.