I ndiaidh cúpla lá den oighear, ghlanamar an casán taobh leis an teach, ach ba bheag an mhaise é agus formhór na dteach thart orainn gan a dhéanamh. Tá an sneachta ann go fóill, crua agus siocaithe faoi seo, agus réidh don té atá dána go leor le siúl uirthi. Chuir sé i gcuimhne domh na laethe sneachta a bhíodh ann agus mé óg. Bhí seisear againn ann, agus léar mór buataisí rubair nár caitheadh amach riamh sa shed, mar bhíodh paiste i gcónaí ag fas aníos a d'fhoireadh don chosbheart. Chuireadh m'athair leathanaigh ón nuachtán isteach sna buataisí. Choinnigh an nuachtán na cosa te, agus líon an nuachtán na bearnaí i mbuataisí a bhí ró-mhór don leanbh a chaith iad. Anois, tchím páistí agus runners agus buataisí faiseanta orthu, ach ní choinníonn siad an fhliche amach ar nós na wellies.
Beidh mé caoga bliain d'aois an tseachtain seo, agus bhí cóisir deas le bheith againn i dteach an ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Shíl mé gurbh fhiú a mhór a dhéanamh de, ós rud é nach raibh mé in inmhe fleadh ná cóisir bheith agam le cúpla bliain anuas. Agus bhí an císte ar ordú, agus an bia agus an deoch. Agus d'fhan an fhuacht agus an sneachta. Scáirt cúpla duine a fhiafraí an raibh an ócáid ar siúl go fóill, agus ghéill mé don Nádúr. Ó bhuel..... an bhliain seo chugainn! É sin nó bogfaidh mé dáta mo lá bhreithe go dtí an samhradh.
Lá breithe sona mar sin féin!
ReplyDelete(Tá mo bheansa cráite ag lorg bróga atá a) té agus b) a mbeidh ár n-iníon (4) sásta a chaitheamh!)
Comhghairdeas leat, a Réaltán! Fáilte chuig Club na gCaogaidí..:-)
ReplyDeleteIs cuma cén uair a dhéanann tú an ceiliúradh,a chara, a fhad is go mbeidh tú ag ceiliúradh...;-)