Saturday 16 April 2011

An pháirc ar maidin


Bhuel, tá an siúlóid le Cumann Ailse na hÉireann ag leanstan leis. Éirí ar maidin gach Satharn - omg! Shíl mé go raibh mé réidh lena leithéid ó d'éirigh na páistí mór. Ach tá buntáistí ann, ar ndóigh - na héin, na fianna, an duilliúr úrnua ar na crainn. Agus an craic, ar ndóigh! Tá bealach fada le gabháil agam. Tá 'Coach Murphy' an-dian fá 'metz' agus rudaí eile nach dtuigeann éinne eile i gceart ach í féin. Caithfidh mé mo mhetz a ardú go 17.2. Déarfainn nach bhfuil sé sna déaga féin faoi láthair. Ach muna bhfuil mé ag iarraidh go dtiocfadh an ailse ar ais, caithfidh mé gníomhú chuige sin, de réir an taighde. Mar chuid de sin, beidh mé ag siúl ar shiúlóid Theach Pieta sa pháirc (7ú Bealtaine). Ag tosú ar 4.30 ar maidin sa dorchadas, siúlfaimid isteach sa solas le héirí na gréine. Tá sé ar siúl in go leor áite ar fud na tíre chomh maith.

Ar ndóigh, is féidir le daoine aclaí géillstin don ailse. Chuireamar m'athair cleamhnais an tseachtain seo caite, Fiachra Mac Fhionnlaoich. Fear aclaí, gníomhach a bhí ann, iarshaighdiúr agus snámhaí rialta ag an 40-foot i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Ach fuarthas an ailse in go leor áiteanna ann roinnt seachatiní ó shin, agus a bhuíochas do cibé dia atá amuigh ansin, fuair sé bás gan mhoill ina dhiaidh sin. Tá sé anois taobh lena thuismitheorí, Diarmuid agus Nuala Mhic Fhionnlaoich, i reilig Ghlas Naíon

Tá sé saoithiúil. Ní chreidim i ndia, agus caidé a deir mo leithéidse ar ócáid mar sin? Tá mé fíorbhuíoch nár fhulaing sé ró-fhada ar chor ar bith. Tá mé fíorbhuíoch nár fhulaing a chlann ró-fhada, agus iad ag iarraidh a laethe deiridh a éascú. Tá mé fíorbhuíoch go bhfuil suaimhneas aige siúd agus ag a mhuintir anois.

Agus sin é. Phléigh muid an ceol (iomainn i nGaeilge) sa charr ar an bhealach chuig an reilig, mé féin agus na páistí. Phléigh muid an seirbhís ar mhaith liom féin (neamhChríostaí, neamh-aon-rud), an ceol (mo ghiolla mear, cúpla port eile neamhdhiaga, ach traidisiúnta) agus an dóigh a thugann tú faoi sheirbhís neamhdhiaga (Cumann Daonnachta na hÉireann). Agus creimiú.

D'inis mé daofa fá Granny (mo mháthair) i rith na seachtaine, ag iarraidh an téama céanna a phlé, ach gur thosaigh sí le 'Má fhaighim bás...'. D'fhéach mé uirthi, agus ar mé, 'MÁ fhaigheann tú bás?' agus thosaigh an bheirt againn ag gáire. Tá sí 87. Seans gur 'má' atá i gceist léi sin...


2 comments:

  1. @ Tá mé fíorbhuíoch go bhfuil suaimhneas aige siúd agus ag a mhuintir anois.

    Ní maith liom bhur mbris, agus aontaím leat faoin suaimhneas sin, a chara.

    Níl aon chara ag ailse, a Réaltán, agus tá súil agam go n-éireoidh leat an metz sin a ardú 17.2, le go mbeidh tú in ann cic sa tóin síoraí a thabhairt den diabhal rud!

    ReplyDelete
  2. Níor mhaith liom bhur mbris ach an oiread.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.