Monday 30 May 2011

An-lá don ghreann agus don ghruaim

Bhí láinseáil den leabhar véarsaíochta agam ar an Satharn sa Cheathrú Póilí seo a chuaigh thart. Bhí mo mhuintir féin ann - Rentacrowd gan trí fhocal Gaeilge idir an seachtar acu - ach shuigh siad ansin ag éisteacht amhail is gur thuig siad an t-iomlán. Mmmmmmm....piontaí le ceannach.

Bhí mo mhac ann, ar ndóigh, ag spalpadh leis i nGaeilge mhilis Bhaile Átha Cliath agus a sciobadh cibé gloine fíona saor in aisce a tháinig a bhealach-sa. Tá 'dreads' fada rua aige chomh maith agus sheas sé amach i gcuideachta a bhí liath don chuid is mó!

Léigh mé cúpla dán, léigh Risteard MacGabhann cúpla jóc, dúirt Eoghan MacEinrí cúpla focal an-deas fúmsa (pionta eile) agus ansin bhí daoine ag iarraidh orm mo leabhar a shíniú. Níl a fhios agam an bhfuil mé compordach leis sin ach thug sé seans dom labhairt le daoine nach bhfeicim go ró-mhinic, agus a bhfuil an-chion agam orthu.

Cuireadh in iúl dom arís an líon duine a mbíodh ailse orthu, nó go bhfuair daoine gaolta leo bás ón ailse, nó a bhfuil cairde leo ag streachailt leis an ghalar. Labhair daoine liom futhu féin nó faoina muintir siúd imithe leis anghalar.

Ach ní lá bróin a bhí ann, mar sin féin, ach ceiliúradh ar an bheatha. Ba íoróineach amach is amach dul isteach sa seanséipéal de chuid Eaglais na hÉireann le linn m'óige atá anois mar theampall ag cultúr eile ar fad. Is cuimhin liom dul isteach le mo dheirfiúr níos sine nuair a bhí muid óg. Bhí a fhios againn nach raibh sé ceart againn, mar níor bhain sé 'linn', ach fuair an fhiosracht an lámh in uachtar orainn. Bhí go maith is ní raibh go holc...go dtí gur chrom muid glún mar a bhí de nós againn inár dteampaill síos an bóthar. Bhí a fhios againn ar an toirt go raibh rud coimhthíoch déanta againn san áit seo, agus thug muid na sálaí linn amach as an áit chiúin, dhorcha sin.

Ní ciúin ná dorcha a bhí an áit ar an Satharn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le lucht an tsiopa, An Ceathrú Póilí, a d'eagraigh an lá. Agus Pádraig Ó Snodaigh - go raibh maith agat chomh maith as na véarsaí a chur roimh an phobal.

Agus Learaí an Chumainn - d'imigh tú sula raibh seans agam labhairt leat! Dána!!

Ó yeah....in am agam an duais sinoíche lóistín sa K Club a úsáid anois...

2 comments:

  1. Tréaslaím leat do leabhar agus do dhuaiseanna! Dearna leat

    ReplyDelete
  2. Maith thú, a Réaltán!

    Chuala mé Risteard ar RnaG le Rónán an tseachtain seo caite, ag caint faoina leabhar. D'inis sé cúpla jóc - an-ghreannmhar ar fad.

    Dhá leabhar eile le ceannach agam...;-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.