Monday, 29 August 2011
Ionad na Scríbhneoirí
In ionad na scríbhneoirí anocht. Bíonnn oíche sa mhí acu a mbíonn fáilte roimh éinne gur mian leo a gcuid scríbhneoireachta a léamh. (Labhair le Helen)
So, léigh mé agus mhínigh mé á la Nana Mouskouri. Bhí meascán maith ábhar ann, idir píosaí scríofa, ceol agus greann. Bhí dream amháin ann, beirt dheirfiúr as Cill chainnigh, Aoife agus Aedín Dermody, a cheol cúpla amhrán gaelach agus ceann nua-chumtha acu féin. Tá súil agam go dtuigeann siad go bhfuil presence acu, chomh maith le ceol binn. Agus nár dheas Gaeilge a chluinstin?
Agus an pictiúr? Ceann de na híomhánna iontacha a bhíonn ar na ballaí acu. 'Susanna and the Elders' le Daniel O' Neill an ceann seo.
Labels:
Dermody,
Ionad na Scríbhneoirí,
open mike
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Sin an toisc nár aimsigh mé an ócáid ar suíomh s'acu.
ReplyDeleteIs maith liom an pictiúir (agus scéal láidir ann freisin faoi chumhacht agus cóir)
inis an scéal!
ReplyDeleteGheobhaidh tú san 13ú Caibidil de leabahr Dainéil é (sa Bhíobla)
ReplyDeletehttp://www.anbioblanaofa.org/pdf/321Dain.pdf