Saturday 10 September 2011

Mí Dheireadh an Fhómhair

Réaltán Ní Leannáin

An t-am sin den bhliain arís - ag tarraingt ar mhí dheireadh an fhómhair, mí na hailse brollaigh. Tá na meáin shóisialta nua cheana á bagairt orainn, maraon le daoine atá gafa ag cur nótaí cuimhneacháin in airde do dhaoine a bhí gar dá gcroí a fuair bás ón ailse.

Ach ba mhaith liom iarraidh orthu siúd agus ar dhuine ar bith a léann é seo a n-aird a dhíriú ar dhaoine eile atá beo fós. Nuair a bhí mé thíos leis an chaemo, thréig go leor cairde agus gaolta mé. Bhí eagla orthu roimh an ailse, is dócha. Ní raibh siad in inmhe déileáil leis. Deirim libh ar fad - bíodh eagla oraibh, cinnte. Is galar scáfar é. Ach gabh agus déan cuairt ar an duine, chan ar an ghalar. Beidh siad faiteach, mar atá tusa. Murab ionann agus tú féin, áfach, beidh siad uaigneach agus gan bheith in ann siúl i measc daoine ar eagla go dtógfaidh siad galar eile simplí a dhéanfaidh mórdhochar daofa.

Ach tá tú féin mór míofar folláin. Gabh amach. Déan cuairt. Cuairt ghairid, cuairt mhinic, agus barróg mhór ag a thús agus ag a dheireadh. Níl ailse tógalach.

2 comments:

  1. Tá súil agam nach mbeidh gá lena leithéid de chuairt, a Réaltán, ach, má bhíonn, glacfaidh mé le do chomhairle, agus déanfaidh mé mar a mhol tú..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.