Wednesday 2 November 2011

Cé mhéad ar dhíchatarachtú?



Cosnaíonn mamagram £80 (eolas ó Action Cancer, ach cuireann siad iad ar fáil saor in aisce!) .
Ní fios cé mhéad a chosnaíonn sé ó dheas ach ag brath ar an ospidéal, is dóigh.

Cé mhéad atá ar dhíchatarachtú, an bhfuil a fhios ag éinne? Tá m'athair 89 mbliana d'aois agus tá siad ag fás sa dá shúil aige. Níl siad ag cur isteach air fós ach ní imíonn siad, mar is eol do go leor againn. Mar dhuine a rugadh agus a chaith a 89 mbliana ó thuaidh, creideann sé go docht sa seirbhís sláinte ó thuaidh, agus ní raibh aon ghá ariamh roimhe le árachas sláinte ná a leithéid. Ach ag comhrá le m'aintín (81 bhliain d'aois) dó, d'inis sí dó go bhfuil sí ar an liosta feithimh do na catarachtaí s'aici féin le sé bliana anuas...

Tá a fhios agam cén féirín Nollag atá le ceannach againn dó i mbliana! An bhfuil dearbhán chuige sin ar fáil ar Amazon, n'fheadar?

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.