Tuesday 15 November 2011

Peregrine an Fhómhair


    


ó Aras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath...




'I rith na seachtaine dar tús 21 Samhain beidh Mícheál Ó Conghaile, Jackie Mac Donncha agus Joe Steve Ó Neachtain ag léamh a saothar.


 Beidh Ó Conghaile agus MacDonncha ag léamh in Áras na Scríbhneoirí ar 22 Samhain agus ar an 24 Samhain i Leabharlann na Ceathrú Rua léifidh MacDonncha agus Joe Steve Ó Neachtain.


 Tosóidh na léamhanna in Áras na Scríbhneoirí ag 7.30 p.m. agus i Leabharlann na Ceathrú Rua is ag 6.30 p.m. a thosóidh siad.


 Seolfar duanaire de nualitríocht na Gaeilge dar teideal Twisted Truths ag 6.00p.m. in Áras na Scríbhneoirí ar 22 Samhain roimh na Léamhanna Peregrine.'


Agus tá na hócáidí seo saor in aisce.

1 comment:

  1. Ana dheas. Mór an trua nach bhfuil Joe Steve ag teacht soir.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.