Sunday 20 November 2011

Rachtanna filíochta


D'fhreastail me ar cheardlann scríbhneoireachta de chuid Cló Iar-Chonnachta inné, i mBéal Feirste. Micheál Ó Conghaile agus Gearóid MacLochlainn a stiúir.

Lá spéisiúil ar go leor dóigheanna, ach domh féin, bhí réalt nua a sheas amach agus glac m'fhocal air seo - coinnigh súil ar an bhoc seo. Tá sé ag gabháil a bheith mór.

Séamus Barra Ó Súilleabháin as Ciarraí. Leaid fada tanaí rua, níos óige ná mo chlann féin. Déagóir go fóill. Agus rachtanna filíochta a chleachtann sé i láthair na huaire.
Chonaic mé a leithéid seo roimhe, i mBéarla. Daoine ag aithris véarsaí fada go drámatúil, véarsaí dá gcuid féin, le greann nó le fearg nó le racht de shaghas amháin nó de shórt eile ann. Tá roinnt acu maith agus táthar ann fosta a chailleann a mbealach agus ní éiríonn leo an lucht éisteachta a thabhairt leo. Ach níor tharla sé sin don leaid seo fós. Bí ag faire amach dó. Beidh sé ina theachta ón iarthar ag Rachtlann na hÉireann i mbliana, i nDoire. Beár darb ainm Sandino's. Ar 7 Nollaig. Seámus Barra Ó Súilleabháin. Bí ann, má bhíonn tú sa cheantar.

2 comments:

  1. Ní bheidh mé i nDoire, ach beidh súil in airde agam dó! Maith agat as an nod.

    ReplyDelete
  2. Duine os cionn cáich é seo, file. fan go gcloisir

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.