Friday 4 May 2012

Bíonn sí linn i gcónaí


Bhí mé ag caint le cara inné. Tá sí i ndiaidh a fháil amach go bhfuill ailse cíche uirthi. Mamagram a léirigh an drochscéal di. Bhí leisc uirthi faic a rá liom ar eagla go gcuirfeadh an dú-nuacht isteach orm! Bhí mé in ann í a chur ar a suaimhneas faoi sin.

Agus faoin ailse? Ní raibh mórán a bhféadfainn a dhéanamh seachas éisteacht lena scéala. Agus ansin, smaoinigh mé ar thrí phíosa comhairle di:

- duine bheith léi i gcónaí i gcuairteanna ar dhochtúir nó ar ospidéal. Bímid trína chéile ag amanna mar seo, agus téann focail an lia isteach i gcluas amháin agus amach as an chluas eile ar nós an DART thar Dhroichead Talbóid. Is gá duine eile bheith linn le héisteacht agus le gach rud a scríobh síos le gur féidir linn dul siar ar ar dúradh níos moille.

- Dul isteach in MacmillanAction CancerARC nó cibé ionad tacaíochta atá ar fáil láithreach. Ainm  a chur síos do chomhairliú láithreach, mar beidh scuaine feithimh ann do na seirbhísí éagsúla. Agus beidh cluas le héisteacht ag an fhoireann idir an dá linn.

- bheith iontach cúramach i dtaobh eolas ar an idirlíon. An bhfuil an t-eolas iontaofa? Feiliúnach? In oiriúint don ailse áirithe atá i gceist? Suas chun dáta? B'fhearr cloí le suíomhanna ar nós Macmillan nó Cumann Ailse na hÉireann .

Bhí mé chun suí síos agus gach blúirín eolais a bhí agam a scríobh síos di, ach ansin tháinig mé chugam féin - ní bheadh eolas de dhíth ach ina am cuí. Agus beidh am aici leis an eolas a iarraidh, tá súil agam.

Go n-éirí leat, a chara, ar do thuras féin.

2 comments:

  1. @ ní bheadh eolas de dhíth ach ina am cuí

    ...agus beidh tusa ansin, réidh len é a roinnt, nuair a bheas gá leis, a chara..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.