'Ach ní mháraíonn siad iad...?'
B'shin an cheist a chuir m'iníon orm Dé Domhnaigh. Bhí muid ag stopadh in óstán in Malaga a bhí lámh leis an Plaza de Toros agus bhí muid in inmhe féachaint ar na tairbh ó dhíon an tí. Ghlac sí leis gur ag súgradh go drámatúil a bhí na toreros agus na picadores agus na matadores.
Gheall mé di gur mháraigh, agus thiompaigh sí ón radharc. Tuigim di. Ba léir gur Spáinnigh ar fad ar an terraza a bhí ag coinneáil súl ar a raibh thíos fúinn. Bhí muid féin agus Eorpaigh eile ag tabhart droim leis an taispeántas scile agus tuisceana ar na hainmhithe. In ainneoin is gur aithin mé gur thuig na fir seo na tairbh, agus gur mhúnlaigh siad an dráma, níor léir do na Spáinnigh iad féin gur ghá tarraingt siar ón bhuaicphointe, bás na n-ainmhithe, mar bhua.
Tá na Spáinnigh garbh go leor leis an laigeacht. Seantraidisiún atá anseo, atá le feiceáil chomh fada siar leis na scéalta picarescas sa séú céad déag. Bhí muid amuigh an oíche chéanna le 'troid' na toritos (marbh faoin am seo,ar ndóigh - moll mór acu), agus sinn ag ithe faoin aer, ag an cheantar nua atá tógtha thíos ag an phort ag Málaga. Tá an áit lofa le yátanna, agus lán le daoine saibhre, agus boladh an rachmais ar an áit. Praghasanna na hÉireann ar gach rud, rud a chiallaíonn gur chosain gach rud an dá oiread is a chosnódh sé orainn áit ar bith eile sa chathair.
Bhí muid ansin, ag ól tinto de verano agus ag ithe cúpla tapa, nuair a scread an freastalaí. D'imigh seanfhear crapálta ina rith síos an ché (rith? bacadaíl a ba chirte a rá, leis an aois mhór a bhí aige), garda príobháideach á leanstan sa dóigh is nach bpillfeadh sé. Is cosúil go raibh sé ag iarraidh cuid de thaispeántas de na tapas a bhí ar fáil san áit a ghoid ó thábla a bhí amuigh ar an tsráid, lena bhéal a líonadh. Níor bhlais ceachtar againn aon ghreim eile ina dhiaidh sin. Ba dhearóil an chuma a bhí ar an seanfhear, agus é chomh haosta agus cromtha síos air féin leis. Agus gortach, ag sciobadh cnámhóga ó thábla na ndaoine saibhre. Sinne.
Níorbh é an chéad duine ná an duine deireanach anróiteach a chonacamar i rith an ama. Tá an Spáinn ag pilleadh ar aimsir na seachtóidí ó thaobh lucht déirce de, le líonmhaire a lucht iarrtha airgid agus bi.Agus tá siad ag éirí níos cantalaí chomh maith, is dóigh liom, de réir mar atá an rachmas ag dúl i léig agus gan tacaíocht le fáil acu ón stát. Ach níl aon trócaire i ndán do na bochtáin ná don stoc a léiríonn laigeacht.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.