Tuesday 18 December 2012

Aerfort Átha Cliath Nollaig 2012



Bhí mé ag an aerfort inniu. Tá an iníon ar a bealach chun na hAstráile ar saoire an tsamhraidh. Anois an t-am ciúin di ina cuid oibre agus tá gach diabhal cara aici thall, mar sin tá sé chomh maith aici dul ann an t-am seo bliana. 30 céim Celsius, is cosúil. Fhad is a bhí mé á tabhairt anonn chuig an aerfort, ghlac mé cúpla pic de na comharthaí.




Tá rudaí ann a chóirigh lucht an aerfoirt i mBaile Átha Cliath.


Agus tá rudaí ann nár cóiriódh.


Agus tá toradh Google Translate ann chomh maith.




Agus tá daoine ann a imeos chomh bán leis an tsneachta (nach bhfuil againn i mbliana) agus a thiocfas ar ais ar dhath an óir. Go maire sí a saoire.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.