Tuesday 12 February 2013

Bliain úr na Síne



Bhí dinnéar mór ceiliúrtha ann i dTeach an Ard-Mhéara Dé hAoine seo caite, mar chuid de fhleadh Bhliain Úr na Síne anseo i nÉirinn. Is ansin sa seomra céanna a gairmeadh neamhspleáchas na hÉireann ar 21 Eanáir 1919. D'fhreastail  fiche seacht de theachtaí dála ar an chéad tionól de Dháil Éireann  anseo ach mar a bhí an daichead trí de theachtaí eile ar a dteitheadh ó údaráis Shasana, ní raibh siad in ann bheith i láthair.

Bhí meascán de chultúr an oirthir agus an iarthair againn an Aoine seo caite, mar chuid den Fhleadh.

Bhí dragúin againn -


agus bhí cruitirí againn - 



Bliain úr, bliain nathrach, faoi mhaise díobh ar fad!


1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.