Sunday 14 April 2013

Dóchas

Bhí Thall is Abhus i Meiriceá ar aon intinn liom féin an deireadh seachtaine seo. Rud éigin san aer? Solas an earraigh ag méadú? Tá súil agam gurb ea. Gura fada buan a leithéid againn i mbliana.
sailéad meascaithe
Tá an t-earrach buailte linn anseo in Éirinn, chomh maith leis na Stáit. In ainnoin na gaoithe móire inniu, bhí lá fiúntach agam sa gháirdín beag bídeach atá agam. Tá sé ró-luath na plandaí beaga boga a chuir mé i gcartáin bhainne seachtain ó shin a bhogadh ó leac na fuinneoige sa chistin, ar ndóigh, ach tá súil agam iad a chur amach sa chré i gcionn tamaill.

leitís dhearg
Anuraidh, ar ndóigh, is beag a d'fhás i gceart seachas na luibheanna, na hoinniúin agus an ruachán céanna. Níor bhrúigh na trátaí soc aníos tríd an talamh fiú. Beidh siad sin ag déanamh cuideachta liom sa chistin go cionn tamaill níos faide i mbliana!

na trátaí leochaileacha

Agus tá na hoinniúin curtha in am don earrach mall atá againn i mbliana - an t-am seo anuraidh bhí siad ag gobadh aníos agus ag beathú mo mhic lena ngasanna nua glasa. Ba mhór leis dul amach agus lán glaice a thógáil agus a ithe le beagnach chuile rud a d'ullmhaigh sé - sailéad, suaithfhriochadh, ceapairí...

na hoinniúin nua-churtha - agus biabhóg amháin sa choirnéal
Beidh le feiceáil.

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.