Tuesday 18 June 2013

saol eile



Nuair a bhí mé naoi bliana déag d'aois chuaigh mé a dh'obair i dTuaisceart na Spáinne ar feadh bliana, ag teagasc Béarla. Ag an am sin - deireadh na seachtóidí - ní raibh ríomhphost ná Skype ann, idirlíon ná téacsáil. Bhí sé daor go maith taisteal in eitleán nó glaoch gutháin a dhéanamh. Bhí faics so-aitheanta mar choincheap pearsanta cumarsáide.

Sé sin le rá, nuair a bhí tú ann, bhí tú ann. Agus chaith mé bliain fháiltiúil i gceantar Burgos. Fuar feannaideach sa gheimhreadh, te brothallach san earrach, gan tagairt ar an samhradh.

Chuir mé aithne ar an cheantar sin agus na ceantracha thart air - cuireadh fáilte romham mar ní raibh cainteoirí dúchais Béarla eile fá chéad mhíle thart fán bhaile.  Agus le linn na bliana sin thug mé cuairt ar go leor baile tréigthe. Bailte beaga iad seo ar imigh na daoine thar lear nó go Maidrid nó Barcelona, ag cuartú oibre. Díreach ar nós ceantracha tuaithe na hÉireann, bhí lárthuaisceart na Spáinne ar cheann de na réigiúin is bánaithe san Eoraip. Bailte a bunaíodh na mílte bliain ó shin, a mhair trí theacht na gCeilteach, theacht na Rómhánach, theacht na gcogaidh creidimh in éadan lucht léannta na hAfraice, theacht na Viseagotach agus blianta chogadh na mBráthar agus ina ndiaidh, bhí a muinitir meallta nó brúite isteach sna cathracha móra ag obair sna monarchana le linn feachtas tionsclaíochta bhlianta Franco. Fágadh na mílte baile folamh, ina mballóga nó ag dul sa treo sin. Agus tá siad ansin go fóill.

Tháinig mé ar chúpla físeán ar na mallaibh a thug dathanna an dusta, an chré agus na dtíleanna rua díona ar ais chugam,  agus boladh thine adhmaid na háite. Tá roinnt de na bailte seo atá tréigthe á sealbhú arís ag daoine nach bhfuil faic eile acu. Tá físeán ANSEO a léiríonn Ibort, baile i gceantar Huesca, agus mar atá daoine ag glacadh seilbhe ar an áit agus ar a saol féin arís.

  Ibort

Agus Lakabe i Nafarroa (Navarra) Euskadí.

                                                                 Lakabe   ANSEO

Ní deirtear conas a réiteofar cúrsaí úinéireachta amach anseo, ar ndóigh, mar níl sin soiléir go háirithe i gcás Lakabe. Ach sin scéal eile fá choinne lá eile.



Ní gá taisteal go dtí an Spáinn, ar ndóigh. Tá Oileán Chléire sásta oibriú le daoine atá ag iarraidh theacht isteach chun saol nua a chruthú istigh in oileán. Gabh i dteagmháil le seamus@ancailinoir.com, mar thús. Ní bheidh sé chomh fuar sa gheimhreadh, ná chomh te sa samhradh, ar ndóigh.

3 comments:

  1. Bhí/Tá scéim mar é ar Inis Meáin agus i gContae an Chláir más buan mo chuimhne.

    N'fheadar áfach an rud nua amach is amach tréigean agus athghabháil bailte.

    ReplyDelete
  2. Alt álainn, brónach.

    ReplyDelete
  3. ní rud nua é, cinnte, a Aonghuis. Ach thug na físeáin an boladh agus an teas ar ais i mo chuimhne ar feadh scáthaimh! Má tá sonraí teagmhála ar fáil d'Inis Meáin, fág anseo iad do dhuine ar bith a mbeadh sé de dhánaíochta acu agus de rómáns acu smaoineamh ar a leithéid a chur i gcrích, led' thoil.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.