Monday 30 September 2013

Shiúil mé soir

 
Shiúil mé soir agus shiúil mé soir thart ar bhailte fearainn Leamhcáin inniu agus seo an t-aon phóstaer atá ann i nGaeilge mar gheall ar an reifreann a bheas againn ar an Aoine. Fianna Fáil? Kunta Kinta gur mhaith leo Níl - i nGaeilge agus i mBéarla. 

Agus níl ann ar fud an phobail ach tagairt don Seanad. Níl aon tagairt ann do dara reifreann ar an Chúirt Achomhairc. Thoir ná thiar.

Ar ndóigh, níl mórán de phóstaeir ann ar chor ar bith.

Lucht Oibre, is léir go bhfuil cúrsaí toghchánaíochta ina chíor thuathail acu. Tá an Pháirtí ag moladh vóta 'Tá':

Ach níl a fhios ag an Teachta Dála áitiúil cén bealach a vótálfaidh sé féin, fiú. Tá faitíos ar an Teachta theacht anuas den díog leis an teideal atá aige ar an díospóireacht gur mhaith leis a chur sa tsiúl. Nó an bhfuil mé ciniciúil má mheasaim nach bhfuil anseo ach slí lena ainm a chur i mbéal an phobail agus a phróifíl a ardú:

Agus tá an comhairleoir áitiúil ag rith glan in éadan a páirtí-sé. Tá sí dubh agus bán anseo thíos (agus dearg, dar ndóigh). Ag cur a próifíl féin amach ansin, agus ag cur in iúl don phobal gur bean di féin í. Níl aon sinn féin inti-se ach 'mé féin':
 
Fine Gael? Níl siad féin ró-thugtha do líne na páirtí ach an oiread, is cosúil. Níl an póstaer thíos ag cur 'faigh réidh leis an Seanad' chun tosaigh ar bhealach ró-láidir, i ndáiríre:
 
Mar nóta scoir - cosnaíonn sé timpeall cúig chéad euro trí chéad póstaer a chur amach. Déan cuntas ar na póstaeir i do cheantar féin agus meas cé chomh práinneach is a mheasann na páirtithe éagsúla an reifreann seo bheith.
 

 


 



2 comments:

  1. Ba cheart, dar liom féin, cosc iomlán a bheith ar phóstaer do thoghchán ar bith. Baolach, mar go gcuireann siad as don dtrácht. Baolach, mar go laghdaíonn siad plé go mana simplíocha (bréagacha go minic). Agus fadhb dramhaíola ag deireadh lae, go háirithe na ceangail plaisteacha nach mbaintear anuas.

    ReplyDelete
  2. Great blog! I will definitely visit it again!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.