Tuesday 12 November 2013

Ceardlann scríbhneoireachta


Fuair mé cuireadh chun ceardlainne i mBaile Átha Cliath. Ní bhíonn móran ar siúl i nGaeilge san Ionad i mBaile Átha Cliath, ach seans go bhfuil ag athrú anois agus Micheál Ó Ruairc i mbun gníomhaíochta ansin.



Dé Sathairn, 30 Samhain 2013
10.30a.m. – 4.30p.m.


Le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, B.Á.C 1 ar an Satharn, 30 Samhain: 10.30a.m. go dtí 4.30p.m.

Tá líon na rannpháirtithe teoranta go dtí 12.

Is do scríbhneoirí óga 18+ agus scríbhneoirí úra nach bhfuil saothar foilsithe acu fós atá an cheardlann seo dírithe.
(Níl mé óg, agus is fada ó bhí me úr, ach dúirt Micheál go sé maith go leor dá ndéanfainn freastal ar an cheardlann)

Ba cheart 1 nó 2 leathanach (ar a mhéad) as gearrscéal nó úrscéal NÓ dán amháin a sheoladh go dtí: ainenighlinn@gmail.com   roimh 23 Samhain ar a dhéanaí.

Ba cheart do na rannpháirtithe cóipeanna dá saothar a bhreith leo go dtí an cheardlann.

Stiúrthóir ceardlainne:
Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir agus file.

Tá Áras na Scríbhneoirí buíoch do Fhoras na Gaeilge/Clár na Leabhar Gaeilge as urraíocht a chur ar fáil don cheardlann seo.

Rphost:  eolas@writerscentre.ie 

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.