Thursday 7 November 2013

Dílis

Seriously sásta. Bhain mé an tríú duais i gComórtas Gearrscéalaíochta Liam Mhic Uistin anocht in Áras na Scríbhneoirí. Beidh an t-airgead ag dul díreach isteach sa chuntas Visa, faraor, ach nach méanair domh na kudos a fháil! Micheál Ó conghaíle a rinne an mholtóireacht, Micheál Ó Ruairc a chuir an oíche i lathair agus a léigh sleachta as a chuid scéalta féin, maraon le Anna Heussaff agus Alan Titley. Seo chugaibh an gearrscéal gearr, gearr, gearr.




Dílis


‘Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach, a Mhaim.’
Thóg Wendy na pónairí óna hiníon, Lúlú. Seacht mbliana d’aois. Rístuama.
‘Agus cad chuige an bhfuil tú ag iarraidh bheith i do Chaitliceach?’
Bhrúigh sí an canna go cúl an chófra.
‘Is Caitliceach í Maggie, agus tá an gúna is gleoite amach is amach is amach aici, chonaic mé inné é.’
‘Ach níl aici ach an t-aon lá amháin lena chaitheamh, ar ndóigh?’
Shleamhnaigh Wendy an t-anlann Korma isteach sa chófra taobh leis an channa pónairí.
 ‘Domh aníos an biatas picilte. ’
Chroith Lúlú a cloigeann fionn agus shéid sí ribe fánach óna súil.
‘Tá sé gleoite ar fad ar fad, agus ní lá amháin atá i gceist. Caitheann sí ar Shatharn an Chéad Chomaoinigh é, agus arís ar an Domhnach an lá dar  gcionn, agus ar scoil an Luan sin chomh maith faoi choinne grianghrafanna, agus, agus - ’
‘Agus sin é.’
‘Is cuma! Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach! Tá mé ag iarraidh gúna bán! Deir Liam – ‘
‘ Ná creid gach focal amach as béal Liam.’
Dingeadh mála rís Basmati idir an t-anlann Korma agus bosca paiprice.
‘An bhfeicfimid arís é, a Mhaim?’
‘Aon phrócaí eile fágtha ansin, a chroí?’
‘Níl, a Mhaim. An ndearna muid rúd ínteacht cearr ar Liam?’
 ‘Ní dhearna, a thaisce, ní dhearna muidinne rud ar bith cearr ar chor ar bith. Rud ar bith. ’Nois, domh aníos an  spaghetti,  a stór.’
‘Níl cead ag Maggie spaghetti a ithe nuair atá an gúna á chaitheamh aici. An bhfuil  spaghetti Protastúnach?’
‘Níl, a rún, ní bhíonn bia Caitliceach ná Protastúnach. Níl Mamaí Mhaggie ach ag iarraidh an gúna a choinneáil glan nuair nach bhfuil sé ar Mhaggie ach cúpla lá!’
Lig Lúlú osna dhomhain.
‘Dá mba agamsa a leithéid de ghúna chaithfinn é gach uile lá dá raibh mé beo.’
Bhí  Wendy ar a glúine, ag cur na bprátaí isteach sa chófra faoin doirteal. Chrom Lúlú isteach chuig cluas a máthara agus rinne sí cogar ann, ‘tá péarlaí ar na muinchillí aici!’
‘Caithfidh go bhfuil sí álainn ar fad.’ 
Chrúc Wendy méar tríd an eangach oinniún lena chur sa chuisneoir. Ón taobh eile de dhoras an chuisneora chuala sí guth beag:
 ‘...agus parasol. Sin scáth fearthainne, ach don ghrian. Tá sé bán, fosta, agus  rufa agus sequins airgid air. Agus lámhainní. Agus bróga bána. Agus stocaí bána. Agus caille.’
Ag brú na bpiobairí isteach i lámh a máthara, thairg sí di cromadh síos. Stán súile liatha Wendy isteach i súile liatha caointeacha. ‘An dtig liom caille a bheith agam, á Mhaim, le do thoil? Le do thoil, thoil, thoil?’
‘Seo, seo an rud a dhéanfas muid, a chroí, tá seanchúirtíní net sa gharáiste. Déanaimis caille as ceann acu sin, do bharúil?’
Lig Lúlú goldar lúcháire aisti.
‘Anois?’
‘Chan anois. Inniu Déardaoin, lá Girls’ Brigade. Nuair a gheobhas muid ar ais abhaile. Anois féin ba mhaith liom dá dtabharfá trasna an cháis, más é do thoil é, a Lúlú. Sin an ghirseach mhaith. Thig linn na cúirtíní net a chuartú nuair a bheas GB réidh.’
Thiomáin siad ar ais ón chor is ón chasadh ag GB, an carr ag déanamh a bhealach abhaile  síos, suas droimníní rollacha Ráth Fraoileann. Léim Lúlú amach as an charr le doras an gharáiste a oscailt dá máthair, agus rith sí isteach. Thosaigh sí a thochailt na cúirtíní net amach as na málaí plaisteacha dubha ar sheilf ann.
‘Ó, a Lúlú!’
Rinne Wendy draothadh gáire, ag breith ar sheanbhalcaisí liatha a d’eitil tríd an aer ionsuirthi.
 Tháinig Lúlú de sciuird ina ndiaidh, ‘Amharc air seo!’ a scréach sí, coróin phlaisteach ina glaic aici a d’oirfeadh do bhanphrionsa.
‘Tae ar dtús, tiara ina dhiaidh.’
Bhí muc ar gach mala ag Lúlú, ach ar feadh soicind, díreach. Bhí an choróin i bhfad Uladh ró-loinnireach le smut a choinneáil ar a haghaidh ar feadh i bhfad. Coróin suite ar a cuid  coirníní, thug sí faoi mháirseáil mhaorga mhall amach as an gharáiste agus isteach sa chistin.
A gcuid tae déanta acu, thóg Wendy agus Lúlú an bosca fuála amach. Gearradh an cúirtín net de réir mar a d’ordaigh Lúlú agus ghreamaigh Wendy leis an tiara é. Spréigh Lúlú a raibh i mbosca stáin amach ar an tábla, seanbhosca brioscaí Nollag,  lán d‘fhuíoll is d’fharasbarr fuála. Rannaigh Lúlú an cnuasach ina dhá charn – b’fhéidir agus bealach-ar-bith. Cnaipí breise do léinte scoile, do chótaí móra agus do gheansaithe sa bealach-ar-bith – bealach ar bith go raibh siad dlite don chaille. Chíor sí tríd an mholl bheag cnaipí ó ghúnaí agus ó bhlúsanna, bréad breise órshnáithe agus ribíní séagsúla, ar nós seodóra ag scrúdú tearcsheoda luachmhara.
Thaispeáin sí cnaipe mór órga dá máthair .
‘A Mhaim, amharc, an dtig leat é seo a fhuáil díreach anseo?’ ag cur a méar ar an láthair féin.
‘A Mhaim, tá na cinn sin le gabháil...anseo....’
‘A Mhaim, an dá chnaipe péarladacha…’
‘ ‘Nois seo dhuit an glé. Úsáid é do na  sequins agus an  bréad.’ arsa Wendy.
Chóirigh agus d’fheistigh Lúlú a caille go sona sásta. Rinne Wendy fútaráil fánach leis an charn bealach-ar-bith, na cnaipí ag titim trína cuid méara ar nós gainimh. Ghabh cnaipe mór donn sna méara aici, cnaipe sean-aimseartha leathair. B’fhada uathu an Nollaig anois, a mheas sí, agus b’fhada uaithi an teach lóistín ró-fhoirfe udaí i mBaile Raghnaill, leis an chuilt agus na cúirtíní Paisley, agus an bhábóg a stán amach ort a bhí ina clúdach don pháipéar leithris san en-suite. Nár bhreá le Liam an geansaí lámhdhéanta Árainn a fuair Wendy dó.
’Díreach ceart le dul amach d’oíche iascaireachta!’ a dúirt sé. Agus d’fhág sé ar leataobh é chun buíochas ceart a dhéanamh léi, ina bhealach féin.
Ghlan Wendy a sceadamán.
‘Am suipéara, a thaisce. Seacláid the agus cúpla  ginger nut?’
Ar ball, luigh Lúlú ina cnap codlata thuas staighre. Chuaigh Wendy amach go dtí an carr agus thóg léar mór cóipleabhar ar ais isteach léi. Shuigh sí ag an tábla sa chistin agus thosaigh sí ag treabhadh tríd aistí Spáinnise 2A. Scríob sí agus thiceáil sí agus nótáil sí sna cóipleabhair. Thug sí sracfhéachaint amach ar an fhuinneog ar an ghrian ag dul faoi ag bun na ngort. Spéir dhearg thiar... Dá leanfadh leis an dea-aimsir seo, bheadh an-lá ag Maggie agus ag a hiníon do na grianghrafanna.
 Bhris cling a fóin phóca ar an chiúnas. Léigh sí an t-ainm ar an scáileán agus mhoilligh a lámh ar feadh soicind sular fhreagair sí é.
‘Bhuel?’
‘A Wendy, a stór...’
‘Chan mé, a Liam, chan mise do stór. Níor mé ariamh.’
‘Tá mé fíorbhuartha. Cladhaire mé, níl mé in ann aon rud a rá nach gcuirfidh isteach ort –‘
‘Rud beag ró-mhall dó sin, nach bhfuil? Shiúil tú amach as seo maidin Déardaoin seo caite le gabháil a dh’obair. An ndearna tú dearmad a rá nach mbeifeá ar ais tráthnóna? Seachtain ghlan ó landáil tú ar mo thairseach? Bulaí fir, a Liam.’
‘Ní thig liom bheith leat. Tá mo chroí is m’anam á screadaíl  sin liom ó bhí–‘
 ‘No, a Liam, níl cead screadaíle ag do chroí ná ag d’anam. Scread Monica. Thug tú geábh sciotáin faoina sciorta arís. Bhuel, éist go cúramach, ormsa a thiteann sé screadaíl anois. Ach ní d’iarraidh ar ais atá mé.’
‘Thréig mé mo bhean céile is mo chlann Aoine an Chéasta le bheith leat.’
‘Muise, thréig tú do chlann? Sinéad Óg? Shíl me nár tháinig sí abhaile ón ollscoil don Cháisc, fiú. Séamus? Caidé mar atá an mháistreacht aige, dála an scéil?’
 ‘B’fhéidir go ndearna mé iarracht imeacht ró-luath. Tá cion agam go fóill ar Mhonica, ach cion iomlán éagsúil ón ghrá atá agam duitse atá – ‘
‘Bhuel, dar ndóigh, a Liam! Gach maidin Déardaoin, nárbh ea? Maidin amháin sa seachtain domhsa ach ar ais abhaile aicise gach uile oíche! Cinnte dearfa, déarfainn féin go bhfuil cúrsaí iomlán éagsúil.’
‘Is í mo bhean céile í, a stór, phós mé í go scara an bás sinn, má’s fearr, má’s measa.’
‘Is amhlaidh gur measa atá aici, cinnte.  Agus ná bac leis na  móideanna pósta a aithris, a Mhister Bainseacha agus Tórraimh, ba chuma sa tsioc leat fán chreideamh ariamh roimhe seo. Fágaimis an ‘is Caitliceach mé’ amach as seo, an bhfágfaidh?’
‘Tá grá domhain agam di, a thaisce, ach tá mé dúnta i ngrá leatsa chomh maith.’
 ‘Tá me chomh tuirseach, a Liam, chomh tuirseach. Stopann sé seo anois. Tabhair suaimhneas domh. Níl tú in ann í a fhágáil? Bhuel, halleluia. Ionracas sa deireadh. ‘
‘Níor aithin mé cé chomh tabhachtach is a bhí mo phósadh go dtí gur fhág mé í, a Wendy.’
 ‘Ach níor stop sé sin thú ó luí liom, ar ndóigh? Agus bréaga a inse domh faoi thodhchaí bheith againn? ‘
‘Chreid me go mbeinn in ann í a fhágáil, i ndáiríre, chreid.’
‘Tá tú a rá liom go raibh tú ag gabháil a fhágáil Monica ó casadh ar a chéile sinn ag na ranganna oíche!’
 ‘Tá mé buartha, tá fíorbhrón orm, a Wendy. Rinne mé iarracht, rinne me tréaniarracht.’
‘Lig mé isteach i mo theachsa thú, i mo theaghlach. Na gealltanais sin uilig a rinne tú liom ó chas muid ar a chéile ag na ranganna oíche sin, shíl mé go raibh siad tagtha i dtír. Ansin imíonn tú gan focal a rá. Sé lá gan focal uait. Fan le do bhean. Ná déan teagmháil liom arís.’
Mhúch sí an fón. Mura gcasfaidís ar a chéile an lá udaí ar na ranganna oíche, an amhlaidh gurbh fhearr di? An tráthnóna sin gur sheas sé siar ón bhuacaire uisce sa phasáiste, ligint di braon a ól. Agus gach maidin Déardaoin as sin amach, mar go raibh an bheirt acu féin saor. Saor. Gheall sé go mbeadh sé saor roimh i bhfad. Cúpla mí, a dúirt sé. Cúpla mí eile. A chuid páistí, a dúirt sé. Nárbh í an t-amadán. Trí bliana, dhá mhí, seachtain agus cúpla lá ó shin..
Agus bhí sí chomh cúramach Lúlú a choinneáil amach as cúrsaí. Ní raibh a fhios aici siúd gurbh ann do Liam go dtí gur landáil sé ag an teach an Aoine sin. Bhí Lúlú chomh tógtha leis, chomh sásta glacadh leis.
Chuir sí an meaisín nite soithí sa tsiúl. Ghlan sí an tábla. Chuala sí blíp ón fhón póca – bhí téacs tagtha.
Ni hig lom veh lat, a cri, ta nis mo na sin dualta dit.
Chaith Wendy an fón síos ar an tábla. Shuigh sí ag an charn cóipleabhar.  Marc dearg ní dhearnadh, áfach, peann ar luascadh óna méar. Stán sí ar an fhón ó am go ham. Trí bliana de ghealltanaisí imithe chomh furasta sin. Ar rith sé leis i ndiaidh an sé lá sa teach gurbh fhusa labhairt fá dhul a chónaí le fústairín fionn ar nós Lúlú ná é a dhéanamh go fírinneach? Í ag rúideadh isteach sa seomra leapa gach maidin ar a sé a’ chlog? Subh ar nótaí léachta, anlann tráta ar mhéarchlár ríomhaire? Léigh sí an téacs athuair. Scrios é. Gan crith ina láimh. Thosaigh sí ar ais a cheartú obair bhaile 2A.
Bhí Wendy díreach ag ceartú iarracht Rebecca Jarman ar an aimsir fháistineach nuair a bhlípeáil téacs eile.
Ta iarracht i ne iarracht deanta am. Dag me mo chlann dit mar sin a vi de yi ort
An blagard, dar léi, is ormsa an locht anois gur fhág sé a bhean céile? sin a vi de yi ort ? Níor stop sé ag suirí le Wendy le trí bliana anuas ar mhaithe lena bhean. Ní fhaca Wendy ariamh é ag rith amach as aon óstán suarach inar stop siad ó am go chéile chun éisteacht le haifreann. Ní -.
Fiú sula bhfuair sí seans an téacs a scriosadh, tháinig blíp eile. Léigh sí an tríú téacs:
Má ligeann 2 dom, verfi me liom amarach aon rud a dag me sa teach. Co buartha, a chri, co feargach agus nairi gur ghortai me 2
No way, José. Ag sá rolla málaí dubha bruscair faoina hascaill, suas staighre léi go beo. Tharraing sí culaith dhorcha agus cúpla léine úrnite  ón vardrús sa seomra leapa agus chaith sí ar an leaba iad. Lean stocaí, fobhríste agus veist iad, teilgthe amach ó tharracán. Sciobadh an geansaí leis na cnaipí donna leathair ó chúl cathaoire agus caitheadh trasna é. D’fháisc Wendy isteach i málaí dubha iad. Thóg sí bosca caol clúdaithe le leathair mín, dearg amach ó chófra. Nollaig Shona. Sa seomra folctha, rug sí ar a scuab fiacla,  rásúr agus sobal bearrtha. Ag oscailt fuinneoige, rop Wendy na málaí amach chuig an gháirdín cúil thíos fúithi.
 Landáil Liam ar a tairseach an oíche sin le cás, mála cultacha, cás slait iascaireachta agus stólbhosca iascaireachta  lena threalamh iascaigh ar fad istigh ann. An méid a bhí sé in ann a iompar. Luigh an cás agus an mála cultacha go fóill ar an leaba shingil sa seomra leapa beag i gcúl an tí. Go dtí go mbeadh faill aige iad a fholmhú i gceart, a dúirt sé. Sacadh  amach as an fhuinneog iad go dtí an talamh thíos fúithi. Agus an mála cultacha is na slait iascaireachta ina dhiaidh. Bhí an stólbhosca iascaireachta ar an chairpéad ansin. Trom. Tríocha bliain ag bailiú ríleanna, duáin, tromáin, sclóinte agus bleaindithe. Á iompar go hamscaí, thug sí mearghliúcaíocht isteach i seomra leapa Lúlú agus í ag gabháil thar bráid. Srannadh íseal séimh. Rinne sí a bealach ciúin síos staighre lena lasta agus amach léi go dtí an gáirdín cúil.
Ag sciobadh na málaí plaisteacha ón talamh, cuireadh ina moll sa choirnéal thall den gháirdín iad, in éineacht leis an tácla iascaireachta. Bhailigh sí lastóirí tine agus beart shean-nuachtán ón chistin. Agus buidéal fíona. Súimín ar shlogóg ón bhuidéal, d’fhadaigh sí an tine.  Slogóg ar scáilléad, d’fholmhaigh sí na málaí amach ar na lasracha. Lig an geansaí ollainn giosáil, ag imeacht ina bhladhaire ghorm. Thiontaigh bosca caol na bpéarlaí ó dhearg go dubh, an leathair ag tiontú isteach air féin leis an teas. Léim splancanna gasta ó na bróga reatha. Tharraing sí bloic adhmaid don teallach sa seomra suí amach as an gharáiste. Chuir sí leis an chraos bladhmach iad, an t-adhmad tirim ag loscadh go gangaideach. D’fholmhaigh sí a raibh istigh sa chás sa mhullach ar an chumasc. Shuigh sí síos ar an bhosca iascaireachta folmhaithe, an méid a bhíodh ann dóite anois, tarracán ar tharracán, caite leis na lasracha. Duáin daite ag imeacht ina splanc roimh an teas,  bleaindithe plaisteacha ag sileadh agus ag séideadh a dtoit ghéar tríd an oíche dhorcha, chiúin.
Nuair a bhuail fuacht oíche Aibreáin í sa deireadh, d’fhill sí ar an chistin. Thóg sí an chaille a chuir a hiníon le chéile le dua an tráthnóna sin. Leag sí ar a cloigeann í. Scrúdaigh sí an fháithim de chnaipí loinnireacha, gealra gléite agus bréad órshnáithe de chuid Girls’ Brigade. D’fhág sí an chaille ar ais ar an chathaoir agus rinne sí fútaráil ina póca. D’aimsigh sí a fón. Bhrúigh sí na cnaipí agus d’fhreagair sí an téacs deireanach:

Amárach ro-mhall. Twelfth tagtha luath i mbliana.


© Réaltán Ní Leannáin 

3 comments:

  1. Duais scéal cinnte! Seol ag Comhar nó Feasta é!

    ReplyDelete
  2. An-jab! Maith thú

    ReplyDelete
  3. Iontach! Comhghairdeachas ó chroí, a chara!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.