Monday 13 January 2014

Seampú, Seaimpín



Tháinig mé ar bhlag Meiriceánach spéisiúil an lá faoi dheireadh, a chuireann síos ar an dóigh le gruaig a ghlanadh gan seampú. Tá cur síos agam ar an dochar a dhéanann paraibéin roimhe, agus tá na paraibéin istigh in aon rud a chuirimid ar ár gcraiceann a bhfuil meascán de chomhábhair ann. Coinníonn na parabéin an meascán measctha agus úr go cionn i bhfad. Sin an fáth go bhfuil buidéil uachtair chraicinn nó feabhsaitheoir gruaige againn a d'oscail muid cúpla bliain ó shin ach atá chomh maith céanna inniu agus an lá a osclaíodh iad Tá mé ag ceannach seampú gan paraibéin le roinnt blianta anois. Agus tá sé daor!

Chuir mé spéis san alt mar gheall ar an mhac, nach bhfuil a ghruaig nite le seampú aige le trí mhí anuas. Níl aon chúis taobh thiar de seo, ar ndóigh, ach gur mhaith leis triail a bhaint as. Ach tá ag éirí leis. Níor nigh sé na 'dreads' nuair a bhídís aige agus is beag air an nós sin a bhriseadh, is cosúil.

Cibé ar bith bhí píosa mar gheall ar na 'no-poo-ers' sa Huffington Post ar na mallaibh, lucht diúltaithe seampú. Gí gur thaitin an píosa liom níor mhaith liom seampú d'aon tsaghas a thréigint go fóill beag.Mar sin de, chuaigh mé a chuartú oidis do sheimpín, seampú bailedhéanta gan paraibéin, ó sóid aráin agus fíongéar úll. Ceann ANSEO agus alt ar ola cnó cócó ANSEO.

1 comment:

  1. Bhain mo bhean chéile triail as seo traidhfil de bhlianta ó shin le haghaidh an spóirt agus na timpeallachta. D'éirigh an ghruaig iontach bealaithe tar éis cúpla seachtain, ach tháinig feabhas ar an ngruaig de réir a chéile nuair a chuaigh an craiceann i dtaithí air. D'éirigh sí as tar éis scaithimh, áfach, toisc nár bhreathnaigh an ghruaig riamh chomh glan le mar a bhí sí agus seampú á úsáid.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.