Wednesday 19 February 2014

scoileanna agus scolaíocht


Cuireann an cás seo i gcuimhne domh mar a rinne an ghaelscoil sa cheantar agam féin déileáil le mo mhac. B'aindiachaí é. Is aindiachaí é. Is aindiachaí é go cinnte ó shroich sé na déaga. Agus fiú roimhe sin, bhí troid ollmhór agam é a fháil chuig an eaglais don chóineartú. Is agnóisí mé féin - ní raibh ann ach go raibh mé ag iarraidh suaimhneas i mo shaol le Granny, Granda, Mamó agus Daideó. Bhí sé ag iarraidh 'Satan' a thabhairt air féin mar ainm cóineartuithe ach i ndeireadh na dála shocraigh sé ar rud éigin níos neamhurchóidí. Tomás, nó Proinsias, nó ceann acu sin. Ní cuimhin liom.

Cibé ar bith, dhiúltaigh sé glan tabhairt faoi ranganna creidimh a bhí creidmheach ag gabháil isteach sa scoil dara leibhéil 'ilchreidmheach' gaeilge taobh linn, agus thacaigh mé leis mar bhí a fhios agam gur mar sin a bhí sé, le fada an lá.

Ní raibh an príomhoide ag aontú liom, dar ndóigh. I dtús baire bhí sí ag iarraidh orm an raibh mé 'cinnte' nár chreid mo mhac? Bhí. Bhuel, mar sin, ní fheadfádh sé fanacht sa seomra ranga leis na leaids eile, chaithfeadh sé imeacht chuig rang éigin eile le linn creidimh creidbheasta. Ní sásta a bhí mé leis an réiteach seo, ach i  ndeireadh na dála ní raibh mé ag iarraidh taom croí nó stróc a chruthú domh féin agus thoiligh mé dó seo.

Ar ámharaí an tsaoil, landáil an mac sa rang tíreolaíochta ag an rang chéad bhliana eile don chuid is mó den rang. Is cosúil gurb é an mhana a bhí ag an mhúinteoir tíreolaíochta ná -

'Cuir síos an lámh sin, a mhic-ó. Tá a fhios againn gur chuala tú é seo ar maidin agus go bhfuil freagra na ceiste seo agat. Cuir síos an lamh!'

An dara agus an tríú bliain bhí múinteoir eile i mbun creidimh, agus dúirt sé le mo mhac go discréideach fanacht i gcúl an tseomra agus obair bhaile a thógáil amach le déanamh i rith an ranga. Ní nach ionadh bhí daoine eile ag iarraidh cúlú ón rang creidimh as sin amach. Bhí cailín amháin ag maíomh gur phaganach í, de reir mo chuimhne. Bíodh aici.

Ach d'éirigh an mac dúdóite leis an obair bhaile agus thosaigh sé a ghlacadh páirte sa rang mar fhoinse chonspóide le gach díospóireacht diaga a tógadh. Bhí craic aige féin, ag an rang agus ag an mhúinteoir. Agus bhí sos ag an mhúinteoir tíreolaíochta. Ní raibh a fhios ag an phríomhoide gur mar sin a bhí cúrsaí, ach bhí gach duine sásta.

Leanann an mac leis an spéis atá aige i ndéithe, nó i gcreideamh. Is aindiachaí fós e.

Tá tíreolaíocht mhaith aige go fóill.


9 comments:

  1. Is iontach an chraic é gan amhras ceisteanna a chur ar lucht creidimh!

    ReplyDelete
  2. Is mór an faoiseamh dom nach in Éirinn a dheineas mo chuid oideachais. Chuirfeadh ranganna creidimh ar buile mé. Deintear a léitheidí taobh amuigh don lá scoile do cibé duine gur spéis leis é, seachas é a bhrú ar dhaoine tríd an scolaíocht.

    ReplyDelete
  3. Ní fheileann an córas reatha dóibh siúd a chreideann ná dóibh siúd nach gcreideann. Cuid de amscaíocht an chórais abhus.

    ReplyDelete
  4. cinnte, tá an córas amscaí. Ar a laghad,coinníonn scoileanna 'Educate Together' creidimh ar leith taobh amuigh den lá scoile agus déanann siad freastal ar gach creideamh seachas ceann amháin. Ach nuair a bhí mo chlann óg bhí rogha le déanmah - scolaíocht trí ghaeilge agus Caitliceach nó oideachas ilchreidmheach trí Bhéarla.Mar a tharla, nuair a chuaigh siad ar aghaidh go dtí an dara leibhéal, chuaigh siad chuig scoil (an ceann atá i gceist anseo thuas) a bhí in ainm is bheith ilchreidmheach, ach is léir nach raibh. Ar chúiseanna éagsúla an duine thóg mé amach iad i ndiaidh an tríú bliain acu ansin araon - briseadh nádúrtha - agus chuir mé chuig scoileanna Béarla iad don trí bhliain eile dá scolaíocht.

    An mac, bhí an-chraic go deo aige sna ranganna riachtanacha creidimh mar bhí cead aige a bharúlacha a léiriú. Chuir siad fáilte roimh a aindiachas agus cheistigh siad na barúlacha agus d'fhoghlaim sé taighiú agus díospóireacht.

    Bhí díomá orm nach bhfuair sé éisteacht ach cinsireacht sa scoil lánGhaeilge ach tá súil agam go bhfuil athrú ar chúrsaí anois - tá a lán ama imithe le sruth ó shin.

    Ach páistí mo pháistí amach anseo? Sin ceist eile!

    ReplyDelete
  5. An bhfuil an corás amscaí?

    Fuair mé oideachas in Éirinn agus don bhliain dheireanach san ardscoil, dhiúltaigh mé dul chuig an rang creidimh, agus chuaig mé don leabharlann sa scoil don rang sin. Ag an aois sin, níl aon dabht aige ach go mbíonn gaois an tsaoil ag an scoláire amháin (?). Níor chuireadh uaim ná chugam ina leith.

    Is ina dhiadh a thuig mé go ndearna mé faillí i m'oideachas fhéin, agus bhí orm an t-easnamh a thabhairt isteach. Muna gcuirtear an t-eolas romhat, ní thig leat a chuimilt is a chur uait ó d'aigne.

    B'fhéidir gur den ghaois é an bia a bhlaiseadh is a dhíleá roimh a dhiúltadh.

    Fearn

    ReplyDelete
  6. Tá an córas amscaí má tá páiste óg curtha ina sheasamh in éadan balla as bheith ina Phrotastúnach i scoil atá in ainm is a bheith ilchreidmheach, a Fheairn.
    http://www.thejournal.ie/school-protestant-1320710-Feb2014/

    ReplyDelete
    Replies
    1. Ní córas é sin, a Réaltáin. Más fíor na tuairiscí, is giúlán drochmhuinteora é.

      Fearn

      Delete
  7. I gcás daoine de mo leithéidse a d'fhás aníos sna seascaidí agus sna seachtóidí d'fhan a leath díobh cráifeach agus an leath eile go réchúiseach neamhreiligiúnach. Feictear dom uaireanta go mbíonn diachaithe agus aindiachaithe araon go ró-cheartchreidmheach.

    ReplyDelete
  8. Tagaim le Scott ar an ábhar seo - má tá reiligiún ar leith ar duine, déantar freastal ar an gcreideamh ar leith sin taobh amuigh den scoil.

    In éiteas scoile, ba chóir go mbeadh tús áite ag an dalta i gcónaí, agus ó tharla nach ionann reiligiún chuile dhalta i dtír seo an chomhionannais, ní dóigh liom go mba chóir go mbeadh airgead an stáit á chaitheamh ar scoileanna/oifigí/ospidéil/eagraíochtaí srl., ag a bhfuil éiteas a leithscarann duine amháin ó dhuine eile ar bhonn shainaicme creidimh.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.