Wednesday 19 March 2014

Sclábhaíocht




Bhí mé ag múineadh múinteoirí, tráth,  nó mar a deirtear in Ulster-Scots, canúint Aontroma, bhí me i mo 'mistress larnin larnin', i saol eile a bhí agam fadó. Bhí mé ag múineadh páistí meánscoile chomh maith. D'oibir mé go crua le mo phíosaí páipéar a fháil, idir teastaisí agus eile.

Tá an dua céanna le cur isteach ag múinteoirí óga an lae inniu. Baineann siad céim amach, cuireann go leor acu roinnt blianta isteach ag carnadh taithí teagaisc in earnáil an oideachais sula mbíonn seans acu áit a ghnothú ar an chúrsa cáilithe mhúinteoireachta i gceann de na hollscoileanna nó na coláistí.



Tá aithne agam ar go leor scoileanna a bhaineann (aimh)leas as an taithí oibre seo roimh an chúrsa (an 'Dip' nó an PGCE) agus le linn an chúrsa. Tá go leor scoileanna fud fad an oileáin seo atá beo i láthair na huaire ar obair dheonach ó dhaoine óga a thagann isteach chun cuidiú leis an mhúinteoir ranga ar bhonn rialta. Cuireann siad a gcuid ama ar fáil gan íocaíocht ar bith, chun cur leis an mhéid taithí atá acu ar scolaíocht, ag súil le háit a ghnothú ar chúrsa múinteoireachta amach anseo.

Agus na daoine a ghnothaíonn áit? Bíonn siad siúd ag feidhmiú i scoileanna ar chleachtadh teagaisc ar bhonn gairmiúl, gan íocaíocht. Má bhíonn an scoil chomh freagrach, gairmiúil céanna, bíonn múinteoir ón fhoireann taite leis an rang agus bíonn na huaireanta teagaisc sin dlite dó/di ar an chlar ama. Ar an slí seo bíonn an t-ábhar múinteora in ann freastal ar riachtanaisí an chúrsa nuair is gá, mar shampla, cúpla lá a thógáil saor ón scoil chun ullmhú le haghaidh scrúduithe coláiste.

Ach ar ndóigh, níl gach scoil chomh hionraic sin. Táthar ann a thugann uaireanta do mhic léinn nach le múinteoir foirne eile sa scoil iad. Tugtar '1A' nó 'Rang Eargail' do mhac léinn ina iomláine don Ghaeilge, nó don Fhraincis, nó cibé ábhar atá i gceist. Gach seachtain den scoilbhliain. Cruthaíonn sé seo cúpla fadhb. Sa chéad dul síos, ní bhíonn múinteoirí foirne in ann teacht isteach chun cuidiú leis an mhac léinn sna chéad seachtainí os comhair an ranga,  mar bíonn a gcuid ranganna acu féin ag an am céanna. Níl éinne ar fáil chun súil a choinneáil ar chúrsaí ar an ábhar céanna. Níl an mac léinn ar fáil chun labhairt le tuismitheoir mar tá léachtaí coláiste acu.

Ach táimid ag dul céim eile ar gcúl anois. Tá an cúrsa múinteoireachta ag athrú ó chúrsa bliana go cúrsa dhá bhliana. Agus tá roinnt scoileanna nach bhfuil sásta leis an athrú mar tá deireadh ag teacht le mic léinn bheith i scoil amháin i rith na scoilbhliana ar fad. Deireadh le sclábhaíocht.

Ach tá ceann amháin, ar a laghad, atá chun céim nua a thógáil síos an bóthar seo an deonachais. Chuala mé faoi scoil ina mbeidh deich n-uair a'chloig in ábhar ar leith an bhliain seo chugainn, as siocair scaoileadh leis an nós a bhí acu beirt mhac léinn san ábhar sin a thógáil isteach agus cúig uair a' chloig an duine a thabhairt daofa. Ní bheidh gá le conradh nua deich n-uaire a thógáil ar chor ar bith an bhliain seo chugainn, dar leo. Ní bheidh ann ach fógra a chur ar Job-Bridge. Duine cáilithe, a chur dua isteach leis na cáilíochtaí sin a bhaint amach agus atá i dteideal aitheantas ceart a fháil, dar le Comhairle na Múinteoirí agus na Ceardchumainn. Ag obair gan aitheantas ón scoil, ón Roinn, ón Chomhairle.

Coinnigh súil air seo. Mar is baol liom nach mbeidh mórán le rá ag na heagraíochtaí céanna, seachas a dhéanamh cinnte go mbeidh an scoil clúdaithe ó thaobh árachas de. Ní scoil táillí ata i gceist sa scoil seo ach an oiread.

N'fheadar ar mhaith leis na tuismitheoirí a leithéid de rógaireacht agus slímeadóireacht bheith ar siúl ag príomhoidí a scoil féin? Dá mbeadh mo chuid páistí fein ar ais ag an aois sin, an mbeinn sásta go raibh múinteoir cáilithe i mbun mo chuid stóiríní agus é/í go hoifigiúil ar an dól (+ €50 sa bhreis)?

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.