Saturday 7 June 2014

Uaigh



Tá col ceathrar liom pósta ar fhear a bhfuil go leor gaolta aige i gCeanada. Tá an col ceathrar agus an céile agus an chlann go léir ag gabháil go Ceanada i mbliana mar chuid de chomóradh céad bliana den Chéad Chogadh Domhanda.

Tá fáth ar leith acu dul anonn. Tá uncail nó seanuncail nó sin-seanuncail curtha in uaigh sa Fhrainc ó aimsir an Chéad Chogadh Domhanda (1914-1916). Bhí sé ag troid san arm ansin agus fuair sé bás thall. Tá údaráis Cheanada agus na Fraince tar éis tástáil a dhéanamh ar DNA na dtaisí ó na huaigheanna seo agus na gaolta a aimsiú. Tá na taisí le heitilt trasna go Ceanada agus ceiliúradh a dhéanamh ar na saighdiúirí theacht abhaile.

Níl mé ina éadan seo, ar eagla na míthuisceana. Throid mo sheanathair féin in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda, ag súil le gealltanas na Breataine  rialtas dúchasach a bhunú in Éirinn mar chúiteamh. Tháinig sé ar ais, ach bhí cairde leis nár tháinig. Tuigim go léiríonn aimsiú, aithint agus athchur na dtaisí seo an tábhacht atá le teacht ar réiteach leis an bhás inár saol.

Sin an fáth gur mhaith liom an rud ceannann céanna tarlú leis na taisí beaga i ngach olluaigh tachráin fud fad na tíre sna tithe seo a thug isteach iad. Ach nár scaoil leo iad. Ba mhaith liom an dínit agus an meas a léirítear i datobh na leaids óga seo a fuair bás céad bliain ó shin a fheiceáil agus muid ag déileáil leis na holluaigheanna seo.

Beidh sé ríthabhachtach do na gaolta seo ar fad. Gaolta nach raibh a fhios acu cá raibh uncail nó seanuncail nó sin-seanuncail féin curtha. Nó cén aois iad nuair a fuair siad bás. Nó cén chúis báis a bhí ann. Nó cuid acu, go raibh aintíl nó seanaintín nó sin-seanaintín féin acu. 796 páiste ar na rollaí báis i dTuam amháin, bídís curtha san umar nó i bpoll éigin eile. Sin suas le 796 teaghlach gaolta leo, a bhfuil slabhra briste ann.

Agus an cheist mhór, ar ndóigh, agus an cheist a chrás daoine níos mó ná ceist dínite, faraor - cé a íocfas as seo? Sílim go bhfuil sé sin soiléir, ach fágfaidh mé an chuid sin den díospóireacht chuig lá eile.





No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.