Wednesday 16 July 2014

Tréigthe



Tréigthe. 'Forsaken'.

Sin an teideal atá ar thaispeántas ealaíne ag Mannix Flynn ague Maedhbh McMahon i dTeach Dollard, ar Ché Wellington i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Taispeántas a cheiliúrann na mná a cuireadh i ngéibheann i Mainistir Sean Ross i dTiobraid Árann.

Níl cead grianghrafanna a ghlacadh istigh, ach glac uaim é, tá an spás féin ina bhua iontach ag an lonnú seo. Tá gach píosa deartha ag Méadhbh agus tá Mannix Flynn taobh thiar den taighdiú agus an léiriú.

Mannix Flynn


Cothaíonn rúndacht náire. Níl aon dabht faoi sin. Choinnigh teaghlaigh a gcuid rún faoi iníonacha a sháraigh rialacha mores sóisialta agus eaglasta na tíre seo. Cuireadh i bhfolach iad (00.3.), cuireadh i ngéibheann iad, sciobadh as radharc iad.

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 25ú Iúil. Saor in aisce. 11-5. In aice Theach Ósta an Clarence. Gabhaigí, déanaigí macnamh. Tugaigí aitheantas do na mná anaithnid.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.