Wednesday 27 August 2014

Caillte i gConamara



Seo leabhar beag a thug mé liom agus mé ag taisteal ó thuaidh i nDún na nGall an samhradh seo. B'fhiú é bheith sa mhála. Cnuasach  gearrscéalta ó údair éagsúla as Conamara thar na glúnta atá ann. Agus mar a deir an comhlacht ar an suíomh, seo  Conamara an chaillteanais, Conamara an bhriseadh croí agus an bháis, Conamara na tragóide, Conamara an bhróin agus an olagóin. 

Chomh maith leis seo, tá leaganacha Béarla de na scéalta ag dul leis na leaganacha Gaeilge. Ní aistriúcháin loma iad, ach leaganacha a bhfuil a saol féin acu neamhspleách ar an bhunleagan Gaeilge. Leathnóidh sé seo cáil na n-údar thar chríocha na Gaeilge amháin. Agus meallfaidh sé daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu isteach i mbóithríní teanga nua.

Ainneoin is nach leabhar d'fhoghlaimeoirí é seo, beidh sé ina chuidiú ag foghlaimeoir fásta atá ag iarraidh staidéar neamhspleách a dhéanamh ar ábhar macnamhach, aibí, snasta.

 Mar gheall ar na scéalta seo léiriú a thabhairt dúinn ar stíl scríbhneoireachta thar chéad bliain anuas sa Ghaeilge beidh sé luachmhar don té a chuireann spéis sa litríocht chomh maith. Chuir mé sonrú sna stíleanna éagsúla agus an chaoi a d'athruigh an scríbhneoireacht thar na glúnta.

Seod bheag de leabhar.

3 comments:

  1. Caillte, caointe agus curtha? Díreach an saghas leabhair a chuireann gliondar ar mo chroí. Not.

    ReplyDelete
  2. Bhrisfeadh na scéalta do chroí ach chuirfidís ola air chomh maith. Is maith liom ceann le Pádraic Brathnach go mór, 'Na Déithe Luachmhara Deiridh'. Déantar mar a mhaítear sa scéal - luach curtha ar na laethe deiridh.

    ReplyDelete
  3. Léigh mé é sin i bhfad ó shin, sa chnuasach den ainm céanna. Caithfidh mé é a athléamh.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.