Tá páiste (!) liom i ndiaidh gabháil i mbun na múinteoireachta, i scoil dara leibhéil. Ní páiste í a thuilleadh, ach bean óg chumasach. Tá mé ag breathnú uirthi dul amach gach maidin chuig na déagóirí faoina cúram agus ag cuimhniú ar na laethe a bhí. D'imigh sin is tháinig seo.
Nuair a bhuail leigheas na hailse mé, bhuail sé mé go trom. Tá daoine ann agus tagann siad chucu féin in am tráth. Tá daoine eile - mo dhalta féin - agus is athrú saoil atá ann. Tá mé ag teagasc go fóill, ach teagasc daoine fásta. Níl aon 'bí i do shuí, oscail do leabhar, bí i do shuí a Sheáin, leathanach a sé a dúirt mé, bí i do shuí a Shinéad, stop é sin a Liam' ann. Níl aon chruinniú ollscoile a mhaireann trí uair a' chloig agus nach dtagann aon mhaith as ag a dheireadh ann. D'fhág an radaiteiripe a rian orm agus sin sin.
Ach ní bheinn ar ais ag an phointe seo, fiú, munab an bhean seo, Marie Murphy. Bhí Marie ag obair le Cumann Ailse na hÉireann ag an am. Níl an t-airgead céanna acu anois leis an chlár a choinneail sa tsiúl.
Reathaí Oilimpeach, tá na blianta caite aici i Meiriceá ag obair le daoine a tháinig tríd an leigheas ailse agus a bhí ag iarraidh filleadh ar an sláinte. Aclaíocht, aclaíocht, aclaíocht an mhana a bhí aici, agus atá.
Tá sí ag obair i nÉirinn le tamall de bhlianta anois agus le linn na míosa seo tá sí ag tabhairt cainteanna saor in aisce an mhí seo ar ailse a sheachaint agus ar dhul i ngleic leis an tsaol arís i ndiaidh ailse.
Tá sí ag reachtáil cúrsa anois chomh maith do dhuine ar bith a bhfuil trí mhí slanaithe acu amach as an téatar sceana, chun cuidiú leo teacht chucu féin. Molaim í, Agus molaim aon chúrsa a bheas ar siúl aici. Bulaí mná!
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.