Sunday 2 November 2014

Bróga nó buataisí uisce?



Cáin bhreisluacha ar bhróga nó cáin Uisce Éireann?
Thit rialtas Fine Gael i míle naoi gcéad ochtó a dó mar gheall ar cháin ar bhróga do pháistí. An mbeidh an rialtas seo ag leanstan an eachtra sin i gcionn tamaill mar gheall ar cháin ar sholathar uisce?



Tá an rialtas anois ag bagairt cánacha breise muna bhfuil táillí le gearradh ar sholáthar uisce. Admhaíonn siad go bhfuil bealaí eile ann. Tá an cath thart, má tá siad ag admháil go bhfuil féidireachtaí eile ann. An t-aon rud atá le déanamh anois ná an bille ar an iarracht seo a mheas, idir táillí na sainchomhairleoirí idirnáisiúnta, bónais, turastail  agus costaisí ardoifigigh Uisce Éireann,  agus an obair ar mhéadair a rinneadh go dtí seo.

Nóta amháin faoi cháin. Bhí mé ag siúl inné. Bhí mé ag siúl inné mar go sílim go bhfuil praiseach iomlán, prácas ollmhór déanta ag Uisce Éireann den rud seo. Tuigim go bhfuil soláthar uisce costasach go leor. Tuigim chomh maith nach raibh infheistíocht mar is ceart á cur isteach sa chóras uisce agus séarachais le fada, in ainneoin go raibh daoine ag íoc a gcuid cánacha de réir mar a d'íoc roimhe. Tuigim chomh maith go bhfuil airgead tarraingthe siar ón seirbhís sin le tamall .

Ach tuigim rud eile ón siúl inné agus na daoine a bhí thart orm - tá go leor daoine sa tír seo nach bhfuil ag íoc mórán cánach mar tá siad ar ioncaim íseal.  Bhí daoine ag siúl inné mar nach bhfuil an t-airgead acu lena íoc. Ní sa cháin bhreise mhaíonn an rialtas - mar dhara suí - a bhfaighfear an réiteach ach an oiread.

 Tá go leor sa tír atá dífhostaithe, tá go leor a bhfuil daoine breise sa teach acu nach bhfuil ag tuilleadh airgid agus nach bhfuil i dteideal liúntaisí dífhostaíochta, daoine a roinneann cúraim páistí idir dhá theach ach gan acu ach liúntas uisce do theach amháin, agus araile agus araile agus araile. Tá go leor daoine nach mbeidh ag íoc an táille seo, má théann sé chun críche.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.