Thursday 18 December 2014

Ag déanamh réidh don Nollaig




'Tiuc-tiuc-tiuc' a deir tú le cearca, nuair atá tú ag iarraidh iad a bheathú nó a bhrostú.
 'Bia-bia-bia' le turcaithe, de réir seanchóipleabhair.
'An chéad toghchán eile' atá mórpháirtithe na tíre seo a rá linn mar gheall ar an phraiseach aréir sa Dáil.



Chuir Clare Daly moladh chun tosaigh chun Leasú a 8 ar chearta na mná ar a corp féin a bhaint siar as an bhunreacht. An leasú seo atá ag cur eagla ar dhochtúirí aon ní a dhéanamh ar chorp mná fiú nuair atá sí marbh. An leasú seo a chuir deichniúr bean trasna go Sasana ar Aer Lingus nó Ryanair nó Flybe inniu, inné agus a chuirfeas amárach.

Mar a dúirt mé roimhe, bhí mé sna fichidí nuair a bhí an toipic seo i mbéal an phobail sna naoi déag ochtóidí. In aois breith leanaí. Níl anois. Tá na hormóin ídithe nó friochta. Tá an bhroinn sciobtha amach.
Ach tá iníon agam sna fichidí. Neachtanna sna fichidí. Mac a mbeidh pairtnéir aige amach anseo, b'fhéidir. Niacha...
Agus tá an amaidí cheannann chéanna ar siúl.



Chuir mé ríomhphost chuig gach Teachta Dála aréir i mo cheantar ag cáineadh an chinnidh a tugadh aréir sa vóta. Vótáil gach duine acu in éadan an leasú a bhaint siar. Fuair mé freagra an-tapaidh ó dhuine amháin acu go han-ghasta ar fad ag míniú go raibh a páirtí-se chun grúpa oibre a chur ar bun i ndiaidh an chéad toghchán eile. Is beag idir páistí agus páirtí, is eagal liom. Litir amháin. Agus is gearr idir seo agus an chéad toghchán eile.


bia-bia-bia...


Nóta: mo bhuíochas le gach duine a rinne combhrón liom (an postáil roimhe seo)


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.